Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Mr. Andrew Munro:

Táimid i bhfeighil eagráin an phobail nó “popular” a chur amach agus déanaimid go rialta é. Tá eagrán le cur amach againn chun toradh an reifrinn is déanaí a chur isteach ann. Caithfimid a bheith an-chúramach maidir leis an eagrán a gcuirtear ina iris sna cúirteanna uachtaracha. Cuirfimid é sin síos ar vellum agus tá an ceartlitriú san eagrán sin díreach mar an gcéanna leis an eagrán ar vótáil na daoine air ó 1937 ar aghaidh.

Maidir le heagrán don phobal, tá an ceartlitriú athraithe go dtí an ceartlitriú nua-aimseartha. Ní féidir brath air go hoifigiúil ar an gcaoi chéanna. Is jab profléitheoireachta ollmhór atá ann, go formhór. Nuair a leagtar amach ar an leathanach é, bíonn na bristeacha idir na halt in áiteanna difriúla. Is é sin an fáth gurb é an phrofléitheoireacht an chuid is deacra faoin jab seo seachas an t-aistriúchán féin.

Cheap mé go raibh cúig nó sé tréimhse profléitheoireachta i gceist sular chuireamar os comhair Ard-Rúnaí na Roinne é. Bhí ar an Ard-Rúnaí dul tríd agus gach leathanach a shíniú. Ina dhiaidh sin bhí ar an bPríomh-Bhreitheamh an rud céanna a dhéanamh, ansin an Taoiseach agus ansin an tUachtarán. Tá an-chuid seiceála agus deimhnithe le déanamh. Tá cóip de agam anseo agus mura mhiste leis an gcoiste is féidir liom í a thaispeáint don chruinniú agus breathnú uirthi tar éis an chruinnithe.