Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirfidh mé cúpla ceist agus tiocfaidh mé ar ais chuig an Teachta ansin. Is iontach go bhfuil an caidreamh seo ar siúl trí Ghaeilge. Diaidh ar ndiaidh, is rud neamhghnách é sin sa seomra seo faraor agus gabhaim buíochas do na finnéithe as sin. Mar a dúirt mé cheana, tá ról faoi leith ag Roinn an Taoisigh agus tá ceannaireacht ag teastáil.

Maidir leis an líonra, sa ráiteas tosaigh dúirt an tUasal Munro: "I measc na rudaí a phléitear ag cruinnithe an Líonra Gaeilge tá seirbhísí aistriúcháin, an suíomh idirlíon... [agus] tuarascáil an Choimisinéir Teanga". Tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil 2018 go raibh díomá air ó thaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla de. Tá a fhios agam nach bhfuil ról faoi leith ag Roinn an Taoisigh ach ar phlé an Roinn an méid sin? Dúirt sé chomh maith: "B’ábhar díomá dom, áfach, nár tapaíodh an deis an bhliain a mharcáil ar bhealach a d’fhágfadh rian buan go reachtúil, trí na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú". Tá sé luaite go sonrach aige ina thuarascáil bhliantúil agus tá mír faoi leith aige ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla. Ar phlé an Roinn an tuarascáil agus an mhír sin?