Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Mr. Andrew Munro:

Níl aon bhriseadh síos nó níl figiúirí againn maidir leis na hóráidí a dhéanann an Taoiseach nuair a théann sé thar lear. Tá figiúirí faoin gcéatadán de na hóráidí a fhoilsíonn muid i nGaeilge inár bhfreagraí. Níl a fhios agam go díreach mar ní théim leis, ach ceapaim go n-úsáideann an Taoiseach beagáinín Gaeilge ag tús a óráidí nuair atá sé thall sna Stáit Aontaithe d'fhéile Naomh Pádraig, mar shampla, chun taispeáint go bhfuil Gaeilge ag an tír. Ag an am céanna, tá sé ag déileáil le lucht éisteachta ansin nach bhfuil mórán Gaeilge acu. Ní dóigh liom go bhfuil ann ach cúpla focal chun óráid a oscailt ach níl aon fhigiúirí agam air sin. Níl siad agam.

Ó thaobh oifigigh eile na Roinne ag dul thar lear, ní théimid thar lear gan an Taoiseach. Téann cúpla oifigeach leis chuig Comhairle na hEorpa agus chuig na Stáit Aontaithe ach ní théann móran oifigigh thar lear gan an Taoiseach. Ní déileálaimid leis an Aontas Eorpach, mar shampla, ag an leibhéal céanna le Ranna eile.

Ó thaobh scéim teanga na Roinne, is fíor a rá nach bhfuil mórán athrú ón scéim dheireanach agus an scéim atá ann faoi láthair. Tá an bhéim curtha againn ar an scéim a chur i bhfeidhm níos fearr. Táimid ag iarraidh líon na dteagmhálaithe a mhéadú agus na cuspóirí atá ann a chomhlíonadh níos fearr seachas iad a athrú. Ní athraíonn mórán d'obair na Roinne ó rialtas go rialtas. Níl aon seirbhísí nua don phobal á gcur ar fáil againn. Táimid dírithe ar an bplean a chur i bhfeidhm níos fearr seachas é a athrú.