Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Mr. Andrew Munro:

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as ucht an cuireadh teacht agus labhairt leis an gcomhchoiste. Ar an gcéad dul síos, gabhann an Ard-Rúnaí a leithscéal nach féidir leis bheith anseo inniu. Is rúnaí cúnta an Rialtais mé. In éineacht liom tá oifigeach Gaeilge na Roinne, Sinéad Nic Coitir.

Mar is eol don chomhchoiste, ní sholáthraíonn Roinn an Taoisigh mórán seirbhísí díreach do bhaill den phobal i gcomparáid, mar shampla, leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí. Níl oifigí poiblí no cuntar poiblí again. Go formhór tugaimid seirbhísí do, agus bíonn muid i dteagmháil go rialta le, Ranna eile Rialtais agus brainsí eile den Stát, Tithe an Oireachtais agus Áras an Uachtaráin san áireamh. I gcuid mhaith de riarachán foirmeálta an Stáit, úsáidimid an Ghaeilge. Mar shampla, nuair a fhaigheann muid Bille ó Chléireach na Dála agus é á thairiscint againn go foirmeálta chuig an Uachtarán faoi Alt 25 den Bhunreacht, scríobhann muid chuige i nGaeilge. Déanann muid gach iarracht seirbhísí mar sin a sholáthar ar ardchaighdeán. Tá roinnt mhaith dualgais fhoirmeálta mar sin, atá luaite inár bhfreagra ar an gceistneoir, a chomhlíonann muid i nGaeilge amháin, nó le Gaeilge mar an phríomhtheanga in úsáid. Is éard atá i gceist ná barántais cheapacháin do bhreithiúna, oifigigh airm, litreacha creidmheasa d'ambasadóirí agus fógraí don Iris Oifigiúil.

I gcás ceann amháin de na dualgais fhoirmeálta is tábhachtaí atá againn, glaoimid ar chabhair ó na Thithe. An mhí seo caite, chuireamar cóip nua den Bhunreacht, leis na leasaithe ar fad a deineadh ó 1999 ar aghaidh, isteach ina hiris in oifig iriseoir na Cúirte Uachtaraí chun Alt 25(5) den Bhunreacht a chomhlíonadh. Bhíomar ag ullmhú an chóip sin le trí bliana, nó níos mó, agus ag fanacht ar bhriseadh idir na reifrinn ar fad chun é a rollú sa Chúirt Uachtarach. Bhí an-chuid oibre le déanamh chun an téacs a ullmhú agus a dheimhniú. Le comhairle an Ard-Aighne, agus in aontú leis an bPríomh-Bhreitheamh, d’athraíomar ón gcló Gaelach chuig an gcló rómhánach don eagrán rollaithe don chéad uair. Níor athraigh muid an ceartlitriú; tá sé sin díreach mar an gcéanna is a bhí sé nuair a vótáil na daoine air in 1937. Ní fhéadfaimid an obair sin a dhéanamh gan an chabhair mhillteanach a bhfuaireamar ó Vivian Uíbh Eachach agus an fhoireann i Rannóg Aistriúcháin na dTithe. Ba mhaith liom mo bhuíochas agus buíochas an Taoisigh agus na Roinne i leith na hoibre ar fad a rinneadar a chur ar an taifead anseo inniu.

Tá an Roinn tiomanta a dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Mar chuid den phróiseas fórsa saothair a phleanáil, tá dhá phost Gaeilge ainmnithe sa Roinn in oifig phríobháideach an Taoisigh agus i bpreasoifig an Rialtais. Tá seachtar den fhoireann le Gaeilge líofa ar fáil mar teagmhálaithe chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge. Tacaítear le baill den fhoireann trí chúrsaí Gaeilge a chur ar fáil trí chlár foghlamtha agus forbartha na Roinne. Faoi láthair tá ceathrar sa Roinn ag staidéar don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Mar chuid den chlár ionduchtaithe do bhaill foirne nua, tugtar eolas dóibh ar an scéim teanga agus bíonn seisiún eolais don fhoireann uilig ar an scéim mar chuid de chlár bliantúil foghlamtha agus forbartha na Roinne. Tháinig an scéim teanga atá againn faoi láthair i bhfeidhm i mí Iúil na bliana seo agus beidh sé éifeachtach go dtí Iúil 2022. Tá oifigeach Gaeilge, atá anseo in éineacht liom inniu, ainmnithe atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ár scéime teanga. Tuairiscíonn sí go rialta chuig ceann na ngnóthaí corparáideacha agus chuig an líonra Gaeilge. I measc na rudaí a phléitear ag cruinnithe an líonra Gaeilge tá seirbhísí aistriúcháin, an suíomh Idirlín, traenáil, fiosrúcháin agus gearáin ón bpobal, an scéim teanga oifigiúla, tuarascáil an Choimisinéir Teanga, ról na ndaoine teagmhála, agus araile.

Ó thaobh foilseacháin, cáipéisí, comharthaí agus araile a chur ar fáil trí Ghaeilge, cé nach bhfoilsímid mórán bileoga eolais agus duilleoigíní, foilsímid i nGaeilge iad. Samplaí den saghas rud sin ná an bhileog eolais do chuairteoirí chuig Tithe an Rialtais agus na duilleoigíní le haghaidh insealbhú an Uachtaráin agus cuairt an Phápa. Idir 2016 agus 2018 d'fhoilsímid 36% de phreasráiteas agus 13% d'óráidí i nGaeilge. In 2018 bhí 0.3% de chásanna comhfhreagras i nGaeilge, is ionann sin agus 86 litir as timpeall 26,000. Tá ábhar buan ar an láithreán gréasáin gov.ie/taoiseachar fáil i nGaeilge, agus tá sé á thabhairt suas chun dáta faoi láthair ag seirbhís eolais an Rialtais. In 2018 agus 2019, i dteannta leis na cáipéisí atá riachtanach le foilsiú i nGaeilge faoin Acht, d'fhoilsíomar tuarascálacha ar Éire dhomhanda agus ar dhul chun cinn; "Do Ghnólacht a Ullmhú do Brexit – Céimeanna Praiticiúla"; agus ábhar maidir leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2019.

Stopfaidh mé ansin mar is fearr dóthain ama a fhágáil do bhaill an chomhchoiste ceisteanna a chur. Déanfaidh muid gach iarracht na ceisteanna a fhreagairt anseo inniu agus is féidir liom scríobh chuig an gcomhchoiste tar éis an chruinnithe le haon eolas breise, más cuí. Táim sásta aon mholtaí atá ag an gcomhchoiste maidir lenár seirbhísí a fheabhsú a chloisteáil agus táim ag súil leis na moltaí sin.