Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 3 December 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn an Taoisigh

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh gach duine. Gabhaim buíochas leis an Teachta Corcoran-Kennedy. Bhí nóiméad dá ham ag teastáil uainn chun tús ceart a chur leis an gcruinniú ach tá córam againn anois agus, mar sin, is féidir léi imeacht más mian léi. An t-ábhar atá os ár gcomhair inniu ná na cuspóirí agus na bearta atá á gcur i gcrích ag Roinn an Taoisigh i leith na Gaeilge agus seirbhísí dátheangacha. Is ábhar thar a bheith tábhachtach é. Is í Roinn an Taoisigh an Roinn is tábhachtaí ó thaobh ceannaireachta de. Táimid ag tnúth leis an gcur i láthair.

I dtús báire, tá rud le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ní mór dom é sin a léamh amach. Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009 go bhfuil finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, níl siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise seo acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina hainm, ina ainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm nó ina hainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Cuirim céad míle fáilte roimh an Uasal Andrew Munro agus roimh an Uasal Sinéad Nic Coitir. Mar a dúirt mé, táimid ag tnúth lena gcur i láthair.