Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Ms Eimear Ní Bhroin:

Maidir le cúrsaí feasachta agus conas an scéal a chur faoi bhráid an phobail, déanann an Coimisiún roinnt mhaith rudaí ar leibhéil éagsúla. Ba mhaith liom an rud is tábhachtaí i gcomhthéacs an tuarascáil áirithe seo a lua. Gach bliain, tugann muid cuireadh do mhic léinn ó na hollscoileanna agus do dhaoine atá tar éis céim a fháil cheana féin teacht chugainn le haghaidh ócáid lae. I mbliana, míníodh na postanna éagsúla atá ar fáil agus cuireadh ceardlanna praiticiúla ar fáil ionas go bhféadfadh daoine a fheiscint cad atá i gceist leis na postanna difriúla agus triail a bhaint as roinnt de na rudaí. Rinneamar é sin faoi scáth an Oireachtais i mbliana amuigh i City West. Déanann muid rud éigin mar sin gach bliain. I mbliana, bhí 90 duine ag an ócáid áirithe sin. D'fhan roinnt daoine linn don lá, rud nach dtarlaíonn go minic ag na comhdhálacha seo. D'fhanadar linn ós rud é go raibh spéis acu sna postanna. Is toradh é sin i slite ar an obair atá tar éis a bheith ar siúl ag na hinstitiúidí go ginearálta agus ag an Rialtas chomh maith. Táimid ag dul amach go dtí na hollscoileanna agus na scoileanna. Táimid ag féachaint ní hamháin ar an ngá gearrthéarmach ach freisin ar an ngá a bheidh ann amach anseo. Bogfaidh daoine ar aghaidh agus éireoidh daoine as. Táimid ag féachaint ar na céimeanna seo ar fad. Mar sin, tá ceardlanna aistriúcháin á dhéanamh againn le meánscoileanna. Caithfear an t-uafás a dhéanamh agus muid ag leanúint leis an iarracht seo. Táimid tar éis pointe a shroichint go bhfuil soláthar d'aistritheoirí againn agus go bhfuil daoine fostaithe againn. Míneoidh mé na difríochtaí idir na comórtais éagsúla. Tá roinnt mhaith fós le déanamh. Ní bheimid in ann stopadh.

Ní féidir linn ach cur leis seo agus labhairt lena chéile. Bíonn muid de shíor i dteagmháil leis an Rialtas sa chóras seo. Bíonn muid i dteagmháil leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Dúirt oifigigh ón tseirbhís níos luaithe sa chruinniú go bhfuil siad ag cur leis an gcabhair agus leis an tacaíocht atá ar fáil do na hÉireannaigh atá ag cur isteach ar na postanna seo. Táimid ar fad ag iarraidh an sprioc chéanna a shroichint. Cé go bhfuilimid ag tarraingt ón linn chéanna, tá daoine difriúla ag dul amach go dtí an Bhruiséil. Ní theastaíonn ó gach duine é sin a dhéanamh ach oiread. Tá pointe déanta agam maidir le todhchaí an chórais sa chomhthéacs seo. Táimid ar fad ag cur le rud éigin a bheidh ann amach anseo. Tá an-chuid post éagsúil le Gaeilge ar fáil anois. Tá scileanna áirithe á lorg againn.

Maidir leis an difríocht idir na comórtais éagsúla, agus an fáth gur chríochnaíomar leis na cinn shealadacha, ba cheart dom a rá go bhfuil teangacha eile ag teastáil chomh maith i gcás na post buan a thagann faoi na comórtais EPSO. Is pointe an-tábhachtach é sin. Ba mhaith liom an comórtas deireanach a bhí ann sa bhliain 2018 a lua mar shampla. Chuir 190 duine isteach ar an gcomórtas sin agus iarradh ar 114 duine teacht chuig an chéad bhabhta eile. Níl ach dhá rud a bhí sa tslí orthu ansin - ar chuireadar an leibhéal ceart de na teangacha éagsúla ar an bhfoirm féin nuair a bhí sé á líonadh isteach acu? Nuair a léann daoine na fógraí do na comórtais seo, tá sé tábhachtach go gcinnteoidís go bhfuil an leibhéal ceart acu le haghaidh na dteangacha difriúla. Ní gheobhaidh siad cuireadh go dtí an chéad bhabhta eile gan an leibhéal ceart a bheith acu. Is í an difríocht idir na comórtais EPSO agus na comórtais shealadacha ná nach bhfuil béim ar na teangacha eile agus gur féidir le daoine an oiliúint a fháil nuair atá siad istigh sa chóras. Cabhraíonn na hinstitiúidí le daoine cur leis na scileanna teanga atá acu. Is í sin ceann de na difríochtaí atá ann idir an dá rud. Minic go leor, cuireann na daoine sin isteach ar na comórtais bhuana níos déanaí, nuair atá an-taithí acu ar aistriú sna hinstitiúidí agus tá siad tar éis traenáil a fháil. Tá na teangacha ag an-chuid acu, b'fhéidir ag leibhéal na hardteiste. B'fhéidir go bhfuil obair ag teastáil. Tá teanga eile ag teastáil chun post buan a fháil. Is dúshlán eile é sin ar bharr an méid atá againn faoi láthair.

Maidir le conas a bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil na hábhair aistrithe ar fáil as Gaeilge. Tá an-obair déanta ag Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. Tá iarracht déanta aige thar na blianta, sula raibh dlí i gceist, ábhair a chur ar fáil as Gaeilge ar an suíomh Idirlín atá aige. Le cabhair ón aonad aistriúcháin, tá níos mó agus níos mó stuif ar fáil. Tá leabhrán ar fáil a lainseáladh anseo san Oireachtas ag tús mhí Dheireadh Fómhair. "Cad é an scéal?", nó "What's the Story?" i mBéarla, an t-ainm a bhí ar an leabhrán seo de scéalta maidir leis an Aontas Eorpach anseo in Éirinn. Chabhraigh an t-aonad aistriúcháin linn agus aistríodh é láithreach. Níl sé sin sa dlí. Tá sé sin tábhachtach toisc go bhfuil sé ar fáil anois do dhaoine le léamh. Tá an-obair ar siúl chun iarracht a dhéanamh rudaí mar sin a chur ar fáil. Mar is eol don choiste, tá an pointe seo an-tábhachtach d'ardstiúrthóireacht an aistriúcháin. Ní hamháin go gcaithfimid an méid atá le déanamh de réir an dlí a dhéanamh, ach freisin ba cheart dúinn an t-eolas atá ag teastáil ó dhaoine a chur ar fáil don phobal sa dhá theanga.