Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 19 November 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle faoin dul chun cinn atá déanta ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir le maolú na Gaeilge a laghdú de réir a chéile.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le hEimear Ní Bhroin as an gcur i láthair. Aontaím go bhfuil na daoine níos tábhachtaí ná na leathanaigh. Tá an-áthas orm a fheiscint go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh maidir le stádas na Gaeilge a chur ar chomhchéim le gach teanga Eorpach eile. Glacaim leis go bhfuil roinnt dúshláin ann. Iarrfaidh mé cúpla ceist mar gheall orthu i gceann nóiméad. Tá sé ráite ag Eimear Ní Bhroin go bhfuil an-chuid aistriúcháin á dhéanamh. Cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an dul chun cinn seo a chur os comhair an phobail in Éirinn? Conas a bheadh a fhios ag muintir na tíre seo go bhfuil deiseanna fostaíochta ar fáil san Eoraip? Conas a bheadh a fhios acu cén chaoi inar féidir leo teacht ar na háiseanna atá ann as Gaolainn? Mar a luaigh Eimear Ní Bhroin, ní fiú na leathanaigh gan iad a úsáid. Tugadh figiúirí dúinn mar gheall ar an dúshlán fostaíochta agus nach raibh an Coimisiún ábalta teacht ar dhaoine. Cad iad na deacrachtaí atá tógtha faoi ndeara ag an gCoimisiún sa chomhthéacs seo? Tuigim gur cuireadh postanna sealadacha agus cúrsaí oiliúna ar fáil. Cén bearnaí a bhí á líonadh? Céard iad na deacrachtaí a bhí ann? An ea nach raibh teacht ar dhaoine le Gaeilge, ar dhaoine le heolas ar an gcóras san Eoraip, nó ar dhaoine le heolas ar an dlí? Cad é an oiliúint atá á chur ar fáil sa chomhthéacs seo? Bhí plé againn níos luaithe le hoifigigh atá gnóthach ag earcú. Is dócha go bhfuil siad in iomaíocht leis na finnéithe atá i láthair. B'fhéidir go bhfuil teagmháil eatarthu. An úsáideann an Coimisiún an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun daoine a earcú? Cén plé a bhíonn eatarthu? An féidir linn ceachtanna a fhoghlaim ón dá chóras chun a chinntiú go mbeidh go leor daoine ar fáil chun na postanna Gaeilge a líonadh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.