Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Ms Muireann Ní Mhóráin:

Ag leibhéal na bunscoile, tá téacsleabhair ar fáil do na hábhair ar fad, ó ranganna na naíonáin suas go rang a sé. Tá bearna ann sa mheánscoil de bharr na sraithe sóisearaí nua, na teangacha Eorpacha, na folláine, agus na hábhair nua seo mar pholaitíocht nó corpoideachas agus mar sin de atá ag teacht isteach. Tá na hábhair mhór, an cuid is mó a dhéantar, á gclúdach nó clúdaithe againn, ach anois táimid ag iarraidh na bearnaí eile sin a líonadh, agus beidh bearnaí mór ann. Níl siad ann faoi láthair leis an ardteistiméireacht, ach tá na sonraíochtaí ar fad chun athrú i mblianta beaga romhainn. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh ansin, is saghas catch-up a bhíonn i gceist nuair a thagann leabhair i mBéarla amach, ach ní féidir linne nó aon duine eile, fiú na foilsitheoirí Béarla, bogadh ar chor ar bith go dtí go dtagann na siollabais nua amach. Ní féidir linne leabhair nua a chur amach ós rud é go dtéann siad as dáta laistigh de bhliain nó dhó. Sin iad na bearnaí atá ann, ach más mian leis an gCathaoirleach, is féidir liom liosta iomlán cruinn a sheoladh ag an gcoiste.