Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 June 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022: Plé

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Ar an ábhar sin, tá oifigigh COGG ag plé go leanúnach leis na pobail sin. Mhaígh an Teachta go mbeadh iallach á cur ar scoileanna cur isteach ann. Is rogha atá le déanamh ag scoileanna faoin bpolasaí agus táimid sásta go bhfuil an céatadán chomh hard sin ag an bpointe seo. Nílimid chun géilleadh agus tá bliain amháin eile ar a laghad ag na scoileanna sin. Anois, os rud é go bhfuil na hoifigigh pleanála teanga tosaithe ag feidhmiú ar an dtalamh sna pobail sin sna limistéir pleanála teanga atá luaite ag an Dr. Kirk, táimid níos dóchasaí anois go mbeidh deis ag scoileanna arís machnamh a dhéanamh. Beidh trí bliana imithe tharainn, beidh cuid de na daltaí bunscoile bogtha ar aghaidh go dtí an iarbhunscoil, beidh cohort nua de dhaltaí i ranganna na naíonán, beidh siad ag féachaint ar an gcóras rathúil atá ag tarlú sna scoileanna atá taobh leo síos an bóthair nó suas an bóthair agus táim dóchasach go gcífidh siad na buntáistí a bhaineann le bheith laistigh agus maolóidh sé sin pé imní a bhí orthu chun athruithe a dhéanamh ar na cleachtais teagasc a bhí acu sna scoileanna ar feadh na mblianta fada mar a dúradh. Bíonn na hathruithe seo mall. Is mian linn na scoileanna a mhealladh agus a spreagadh chun teacht linn ar an turas seo.

Ní bheimis i bhfabhar iallach a chur ar scoil ná ar phobal ar bith é sin a dhéanamh.