Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): An Roinn Oideachais agus Scileanna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Beidh ceisteanna agam ar an ábhar sin, go háirithe maidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear, nuair a dtiocfaimid chun déileáil leis. Sa mhéid a bhí le rá ag an Uasal O'Leary dúirt sé nach bhfuil an cumas le cigireachtaí a dhéanamh as Gaeilge ina riachtanas do phost mar chigire iarbhunscoile. An bhfuil fáth nach bhfuil an cumas sin mar riachtanas, toisc go bhfuil an oiread sin Gaelcholáistí ann anois? Nár cheart go mbeadh sé ina riachtanas do chigirí iarbhunscoile go mbeadh cumas Gaeilge áirithe acu? Ní gá go mbeadh sé ar a gcumas iniúchadh a dhéanamh trí Ghaeilge ach ba chóir go mbeadh siad in ann Gaeilge labhartha a thuiscint.

Luaigh an tUasal O'Leary go bhfuil caighdeán de shaghas ag siúd atá ag obair sa Roinn, na cigirí san áireamh. Luaigh an tUasal Gordon go bhfuil méid áirithe daoine ag teacht isteach sa Roinn a bhfuil caighdeán áirithe acu ach nach bhfuil sásta obair a dhéanamh nó seirbhísí a thabhairt as Gaeilge. Nílim ag rá nach fíor sin. Tuigim an míniú a thug an tUasal Gordon. Conas is féidir daoine a mhealladh chun na poist a ghlacadh? Conas is féidir iad atá laistigh den Roinn a bhfuil cumas éigin acu a mhealladh chun cur leis an gcumas sin ionas gur féidir leo na poist a líonadh? Má tá dream sa Roinn, mar a luadh cheana, a dtuigeann obair na Roinne, ní bheifí ag iarraidh iad a chailleadh, cosúil le na Ranna eile nach bhfuil ag iarraidh go gcoimeádfadh an Roinn Oideachais agus Scileanna na daoine atá sciobtha aici. Tá sé tábhachtach iad siúd atá sa Roinn cheana féin atá ar an eolas faoin mbealach ina n-oibríonn an Roinn a mhealladh chun cur lena gcumas Gaeilge. Sin ceann de na príomhfhadhbanna atá ann. Go minic bíonn cumas níos fearr ag daoine ná mar a shíleann siad. Uaireanta eile cuireann daoine ar a CV go bhfuil cumas níos fearr acu ná mar atá acu i ndáiríre agus, nuair a chuirtear sa phost iad, níl an cumas cuí acu chun déileáil leis an bpobal nó le ceisteanna beagáinín teicniúla i nGaeilge.

Tá buairt orm maidir leis an bhfigiúr a luaigh an tUasal O'Leary, an 1,332 atá ag obair sa Roinn. Is é an freagra ar an ochtú ceist sa cheistneoir ná go bhfuil 123 duine líofa sa Gaeilge agus toilteanach seirbhís a chur ar fáil. Sin níos lú ná 10% den Roinn ina hiomlán a bhfuil sásta seirbhís a sholáthar don phobal trí Ghaeilge. Aithním go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus déanta ach ní leis an Roinn amháin an fhadhb seo. Ó thaobh na Státseirbhíse de, tá sé scannalach nach bhfuil go leor muiníne ina leibhéal Gaeilge chun seirbhís a thabhairt as Gaeilge ach ag níos lú ná 10% den fhoireann. Fágfaidh mé ansin é.