Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 9 April 2019

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta: Cathaoirleach Ainmnithe

Mr. Dónal Ó hAiniféin:

Tá obair an-suimiúil ar siúl ag an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi láthair a bhaineann le cúrsaí teicneolaíochta sa scéim ríomh-mhol nó e-Hub le scoileanna Gaeltachta atá ag iarraidh fisic a mhúineadh trí mheán na Gaeilge, áit nach bhfuil fisic ar fáil do scoileanna. Tá féidearthachtaí iontacha ar fáil don teicneolaíocht agus is féidir leis an teicneolaíocht cabhrú go mór linn le múineadh mionteangacha. Is síos an bóthar sin atáimid ag dul maidir leis an teicneolaíocht agus le cabhrú le múineadh trí mheán na Gaeilge chun go mbeidh réim leathan ábhair ar fáil i ngach aon iar-bhunscoil. Mhúin mé féin i gcoláiste i Luimneach atá ag déanamh ceannródaíocht sa ghort sin, agus molaim iad, ach is ceart go mbeadh fáil ag gach contae, Contae an Chláir san áireamh, ar Ghaelcholáiste neamhspleách iomlán chun go mbeadh fáil ag tuismitheoirí ar iar-bhunscolaíocht go hiomlán trí Ghaeilge.

Ba mhaith liom pointe an Teachta Jan O'Sullivan maidir leis an T1 agus an T2 a fhreagairt chomh maith. Táim an-bhuartha faoi sin. Is í an tsonraíocht T1 an leibhéal is airde Gaeilge atá ar fáil. Tá dhá shonraíocht ann don teastas sóisearach. Do scoileanna atá ag déanamh an obair ar fad trí mheán na Gaeilge, is iad sin scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge, tá sonraíocht T1 ann. Tá sé sin níos dúshlánaí, mar ba cheart, ná na scoileanna atá ag foghlaim trí Bhéarla. Nuair a rachaidh sé seo go dtí leibhéal na hardteistiméireachta agus nuair a bheadh pointí an Central Applications Office, CAO, i gceist, níl aon duine chun a chur ina luí ar dhaltaí óige sa chúigiú agus sa séú bhliain gur cheart dóibh an scrúdú is déine nó an tsonraíocht is dúshlánaí a thógáil orthu féin mura bhfuil pointí breise ag dul chun é sin a réiteach. Nuair a bhí fadhb againn le mata sa tír seo, chuireamar project maths ar bun, chuireamar 25 pointe breise ar fáil san ardteistiméireacht d'onóracha sa mhata, agus feictear an difríocht a tharla. Mhéadaigh líon na ndaoine atá ag déanamh matamaitic ag ardleibhéal don ardteistiméireacht thar thréimhse an-ghairid agus léim sé go mór. Is féidir linn an rud céanna a dhéanamh don Ghaeilge agus don tsonraíocht T1 má bhíonn na pointí breise bónas ag dul dó. Níl aon seans faoin spéir go ndéanfaidh aon ghaol, iníon nó mac liom féin an cúrsa is dúshlánaí mura mbeadh buntáiste ann dóibh mar déarfaidís nach bhfuil seans ar bith go bhfuil siad chun é sin a thógáil orthu féin. Déanfaidh siad an ceann is éasca, gheobhaidh siad na pointí céanna agus beidh sin sin. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi sin.