Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 26 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Mr. Mícheál Ó Coileáin:

Tá ceist tábhachtach luaite ansin ag an Teachta. Glacaim ar bord é. Caithfimid níos mó aire a thabhairt don cheist sin. Ceann de na deacrachtaí atá ag baint leis seo ná go bhfuil daoine ar fhochonarthaí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go minic. Uaireanta tá eagraíochtaí príobháideacha i gceist. Níl smacht iomlán againn ar an ionchur nó ar na figiúirí atá ag teacht ó na seirbhísí sin. Cinnte go bhfuil sé fíorthábhachtach é seo a fhiosrú. Chuireamar béim ar leith ar na hospidéil phobail. D'fhéachamar orthu mar áiteanna ina gcaitheann daoine a gcuid ama ar fad. Thugamar tús áite do na háiteanna sin mar chaitheann go leor seandaoine a gcuid ama ar fad sna hospidéil phobail. Thugamar tús áite dóibh siúd ach aontaím leis an Teachta gur fiú go mór béim a chur ar chúntóirí baile agus ar an tseirbhís sin agus breis soiléireacht a fháil faoi na modhanna freastail atá ag an tseirbhís sin mar tá solúbthacht áirithe ansin ó thaobh conraitheoireachta de. Cinnte tá obair bhaile ansin dúinn. Caithfimid fiosrú cad go baileach atá ar siúl le cúram baile.