Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Mr. Tomás Ó Ruairc:

Freagróidh mé an cheist maidir leis an idirdhealú sin idir múineadh do ghnáthscoileanna lánBhéarla agus scoileanna Gaeltachta ar an lámh eile. Más ceadmhach dom, a Chathaoirligh, tiocfaidh mé ar ais ag an gcéad cheist a bhí á plé ansin maidir le titim na gcaighdeán, más ea, agus le céard atá i gceist ansin.

Maidir leis an gcéad cheist ón Teachta Ó Muíneacháin a fhreagairt, ní dhéanaimid an t-idirdhealú sin ar an gclár, toisc gur comhlacht reachtúil muid mar a dúradh cheana, atá freagrach as rialáil na gairme seachas as cur i bhfeidhm na gcúrsaí céanna. Nílimid freagrach as scrúduithe a chur ar na múinteoirí. B'shin freagracht na n-ollscoileanna agus caighdeánú na scrúduithe céanna. De réir an Achta um Chomhairle Mhúinteoireachta, tá clár amháin don ghairm agus tá trí no ceithre cinn de bhealaí chuig an gclár sin, is é sin le rá: bunscolaíocht, iarbhunscolaíocht, breisoideachas agus eile. Ní dhéanaimid idirdhealú breise ina dhiaidh sin, taobh istigh de na bealaí sin, má thuigeann an comhchoiste mé.

Titeann an réimse a bhfuilimid ag caint faoi anois, dáiríre, faoi réim fhostaíocht agus fhreagracht an fhostóra agus bainistíocht na scoileanna. Is é sin an mioncheangal a dhéanamh amach idir cháilíochtaí agus na modúil a roghnú d’ábhair oidí atá i mbun na gcúrsaí ar an lámh amháin agus riachtanais na scoile ar an lámh eile. Nuair a fhaigheann siad an ceadúnas uainn, mar an comhlacht reachtúil atá freagrach as na caighdeáin ghairmiúla, tá cead acu poist i scoileanna poiblí sa tír seo a ghlacadh. Ina dhiaidh sin, is faoi bhainistíocht na scoileanna atá sé iad a fháil amach sna ranganna, de réir mar is cuí, dar le bainistíocht na scoileanna.