Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an toscaireacht ollmhór seo, agus an-chuid eolais faighte againn uathu. Cuirfidh mé cúpla ceist ar dtús i gcomhair na Comhairle Múinteoireachta. Tuigim go bhfuil clár ag an gcomhairle d'fhonn múinteoirí a chlárú i gcomhair na gcáilíochtaí. An ndéanann an chomhairle idirdhealú idir múinteoirí a bheadh ag múineadh sna scoileanna Gaeltachta agus sna scoileanna Gaelscolaíochta, idir iad siúd agus na múinteoirí eile ar fad? An bhfuil aon slí idirdhealaithe nó an ndéanann an chomhairle idirdhealú ar cé atá ag múineadh trí Ghaeilge, agus má dhéanann, conas a dhéantar é sin a mheas? An bhfuil self-regulation de shaghas éigin ann nó an lorgaíonn an chomhairle agallamh a chur orthu nó an bhfuil caighdeán éigin á scrúdú chun duine a chlárú mar mhúinteoir i gcomhair Gaelscoile nó scoil Ghaeltachta?

Tá cúpla ceist ansin agam freisin mar gheall ar an máistir gairmiúil san oideachas, MGO, i nGaillimh. Bhí roinnt mhaith eolais san ábhar a seoladh chuig an gcomhchoiste ar maidin. Tá thart ar 37 nduine atá tar éis an deontas sin a fháil i gcomhair na matamaitice, na heolaíochta agus na nuatheangacha. An é sin an líon iomlán daoine, mar sin, atá ag an ollscoil sna hábhair sin? An é sin líon iomlán múinteoirí nua a bheidh ag teacht chun cinn i gcomhair na matamaitice, na heolaíochta agus na nuatheangacha, nó an bhfuil daoine eile sa ghrúpa ansin nach bhfuil tar éis an deontas sin a fháil? Cad é an próifíl atá ag na múinteoirí atá ag teacht amach, cad iad na hábhair atá acu? Tá thart ar 30 duine á gcáiliú gach bliain. Cad é an meascán idir na hábhair éagsúla?

Feictear dom go bhfuil titim chomh maith ar líon na ndaoine agus ar líon na ndaoine ó na Gaeltachtaí. Cad ina thaobh sin, má tá eolas ag an ollscoil faoi sin?

Luadh chomh maith, agus ní fheadar cé a dúirt é, go raibh cúrsa nua in áit éigin ó Mheán Fómhair seo caite. Cén líon daoine nó líon múinteoirí a bheidh ag teacht as sin, agus arís, céard é meascán na n-ábhar atá ann?

Mar gheall ar an continuing professional development, CPD, a bheith ar fáil do mhúinteoirí a bheadh ag múineadh trí Ghaeilge chun a chinntiú go mbeidh siad in ann an caighdeán Gaeilge a choimeád agus go mbeidh siad compordach, luadh nach bhfuil a leithéid ar fáil. An bhfuil aon eolas ar chéard a dhéanann múinteoirí chun cabhrú leo féin agus an bhfuil aon phlean faoi leith chun an CPD sin a chur ar fáil? Tuigim go bhfuil sé mar chuid de na spriocanna a bheadh ag an gComhairle Múinteoireachta go mbeadh CPD ar fáil i gcomhair múinteoirí sna hábhair éagsúla. Cen fáth go bhfuil an bhearna sin ann? Tá scata ceisteanna ansin, más féidir iad a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.