Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 12 February 2019

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Díospóireacht

Mr. Gearóid Ó Súilleabháin:

Tá áthas orm agus ar mo chomhghleacaithe cabhrú leis an gcoiste leis an dá ábhar thíos a mheas. Mar a luaigh an Cathaoirleach, is iad caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal d’ábhair mhúinteoirí agus na cuspóirí agus na beartanna atá á gcur i gcrích leis an Údarás um Ard-Oideachas chun an Ghaeilge agus seirbhísí dátheangacha a chur ar fáil dá chustaiméirí na hábhair sin. Is gníomhaireacht bheag an tÚdarás um Ard-Oideachas a bhfuil timpeall 70 ball foirne aige. Tá freagracht reachtúil againn maidir le maoiniú d'ard-oideachas go ginearálta.

Ó thaobh caighdeánú ar scrúdaithe agus cáilíochtaí tríú leibhéal, tá an t-údarás i gceannas ar fhorbairt straitéiseach chóras ard-oideachais agus taighde na hÉireann. Níl baint dhíreach againn leis na próisis a théann le scrúduithe agus cáilíochtaí do dhisciplíní nó do chláir dhiscréideacha. Tá údarás ag an HEA cinntiú go bhfuil an caighdeán agus an cháilíocht is airde bainte amach ag céimithe ó gach clár ard-oideachais, lena n-áirítear céimithe ar chláir oideachais tosaigh múinteora. Agus é mar chuspóir cabhrú leis an gcoiste chun na hábhair sin ar chaighdeánú ar scrúduithe agus a leithéid a mheas, tá toscaireacht tugtha le chéile ag an HEA ar a bhfuil ionadaithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna, ón gComhairle Múinteoireachta agus ionadaithe ó thrí sholáthróir oideachais tosaigh múinteora a bhfuil taithí agus eolas suntasach acu sa réimse seo.

Tá ról lárnach ag an HEA sa réimse sin agus é ag comhlíonadh a dhualgais faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas 1971 ina ndeirtear go gcoimeádfaidh "sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus féachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích". Tugann an t-údarás tacú leis an teanga Ghaeilge a chothú agus a úsáid in institiúidí ard-oideachais. Tá foráil speisialta ináirithe ag an HSE le breis agus deich mbliana ina phríomh-dheontais do thionscnamh a bhfuil sé mar aidhm acu go mbainfeadh mic léinn agus foirne ollscoileanna agus coláistí níos lú úsáid níos mó as an nGaeilge. Rinne an HEA leithdháileadh €850,000 ar institiúidí in 2018 chun tacú le húsáid na Gaeilge ar champais institiúidí a spreagadh. Thacaigh sé freisin le hábhair agus modúil a mhúineadh trí Ghaeilge. Cuireadh maoiniú breise €210,000 ar fáil ag an HEA chun tacú le máistreacht san ard-oideachais i meáin na Gaeilge agus in oideachas na Gaeilge do mhúinteoirí agus príomhoidí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna. Cuireadh tús leis an máistreacht sin i gColáiste Mhuire Gan Smál Meán Fómhair seo caite. Sa bhreis air sin, cuireann an HEA maoiniú chomhtháthartha ar fáil do thionscnaimh speisialta agus solathróirí chun tacú leis an nGaeilge, lena n-airítear Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá lonnaithe in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Téann an HEA i dteagmháil le Ranna Rialtais, go háirithe leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus le páirtithe leasmhara cuí i réimse an oideachais, an ard-oideachais, agus an taighde. Bíonn teagmháil níos leithne ag cuid de rannóga an HEA leis an bpobal i gcoitinne. Faigheann siad glaonna teileafóin agus comhfhreagras ó dhaoine aonair i measc an phobail. Seasann an eagraíocht leis an ngealltanas freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí a fhaightear trí Ghaeilge. Déanann foireann inmheánach éascú air sin ach baineann an HEA úsáid as cuideachta ghairmiúil aistriúcháin nuair is gá.

Tá an HEA buíoch as an deis a thugann an tairiscint seo ón gcoiste le féinmheastóireacht a dhéanamh maidir le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil. Tá fúinn ár riachtanais reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh ach tá a fhios againn nach bhfuilimid ag baint amach ár raon iomlán dualgas faoin Acht seo. Níl dóthain pearsanra againn faoi láthair a bhfuil inniúlacht acu ar an nGaeilge. Tá an HEA ag cur tús le próiseas le dréachtscéim nua a bhunú sa chéad ráithe de 2019. Ag an bpointe seo, ba mhaith liom deis a thabhairt don Roinn Oideachais agus Scileanna rud éigin a rá tar éis mo chuid cainte.