Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas lenár n-aíonna as teacht os ár gcomhair agus as an méid a bhí le rá acu. Tá súil agam go dtabharfaidh siad roinnt freagraí dúinn chomh maith.

Tá ceist agam maidir le cigireacht na luathbhlianta go háirithe. Is é an scéal mór nó an ndéantar an chigireacht trí mheán na Gaeilge amháin sna naíonraí nó cad a tharlaíonn sna cásanna sin? Conas a roghnaítear an teanga? Má tá siad ag plé le naíonra, ba chóir go mbeadh siad ag plé trí Ghaeilge. An mbíonn aon chigire ag casadh go Béarla nó an mbíonn na hoidí nó na tuismitheoirí ag impí ar na cigirí casadh go Béarla nó cad a tharlaíonn?

Cé mhéad cigirí atá ann le Gaeilge agus cé mhéad cigirí i gcoitinne atá ann le Béarla nó Gaeilge, is é sin an líon atá ann a bhfuil an Ghaeilge acu?

Gabhann an cheist seo ní amháin leis an Roinn seo ach le heagrais Stáit eile. Nuair a thagann siad os ár gcomhair, bíonn siad ag rá go mbeidh seo nó siúd déanta. Tá chuile ghné den Stát in ainm suíomh idirlín nó gréasáin a bheith dátheangach acu. Conas mar atá ag an Roinn? An bhfuil gach rud ar fáil trí Ghaeilge? Mar thuismitheoir nó mar pholaiteoir, an rud a tharlaíonn nuair a théann duine ar shuíomh mar seo is féidir dul chomh fada agus ansin bíonn ar an duine casadh ar an mBéarla. Ní féidir an gnó iomlán a dhéanamh ó thús deiridh trí Ghaeilge. Éiríonn an duine leisciúil agus casann an duine ar an mBéarla chun é a dhéanamh. Ní cóir go mbeadh sé sin ann. Má éiríonn mise leisciúil, smaoinigh ar thuismitheoirí i gcruachás nó a leithéid. B'shin an brú a tharlaíonn nuair nach mbíonn na foirmeacha, an suíomh gréasáin, nó a leithéid ar fáil, beagnach uathoibríoch, as Gaeilge.