Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá sé deacair anois: tá Gaeilge, tá Béarla agus tá torann ann. Tá sé beagáinín osréalach arís sa choiste seo agus gabh mo leithscéal as sin. Tá sé deacair mar Chathaoirleach feidhmiú as an dá theanga. Cuireann sé in iúl cé chomh deacair is atá sé do thuismitheoirí ar an talamh agus do na clubanna éagsúla atá ag iarraidh seirbhís a fhail trí Ghaeilge. Ar a laghad tá a fhios againn cé chomh deacair is atá sé tríd an bpróiseas seo. Gabhaim buíochas leis an Seanadóir. Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.