Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. GearĂ³id Mac Donncha:

Tá roinnt mhaith oibre á dhéanamh againn maidir le daoine óga. Tá dhá chuid leis an bhfreagra seo. Breathnóidh mé i dtús báire ar an méid atá á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta agus beidh Rónán Mac Con Iomaire in ann teacht isteach ar ball beag chun cur síos a dhéanamh ar an méid atá á dhéanamh ag RTÉ.

Maidir le Raidió na Gaeltachta, is ceart a rá go bhfuil athrú mór tagtha ar na nósanna éisteachta atá ag daoine óga. Níl leath an oiread daoine óga ag éisteacht leis an raidió le hais agus mar a bhíodh fadó. Is í an straitéis atá againn ná go bhfuilimid ag iarraidh nasc a chruthú le daoine óga trí rudaí nua a thriail. Mar shampla de sin, beimid ag seoladh comórtas do na meánscoileanna an tseachtain seo chugainn. Beidh deis ag scoláirí meánscoile cur isteach ar chomórtas clár raidió a dhéanamh. Tiocfaidh léiritheoir gairmiúil isteach in éineacht leo agus iad ag iarraidh na cláir a chur le chéile. Craolfaimid na cláir amach sa bhliain nua. Leis an togra sin amháin, táimid ag cur eolais ar fáil go bhfuil Raidió na Gaeltachta ann. Táimid ag cur na gasúir sin ag déanamh cláir raidió trí Ghaeilge. Tá siad ag foghlaim scileanna raidió chomh maith. Táimid ag cruthú naisc leo. B'fhéidir nach bhfuil siad ag éisteacht le cuid de na hábhair atá againn faoi láthair, ach beidh a fhios acu amach anseo go bhfuilimid ann agus tiocfaidh siad ar ais chugainn. Tá daoine óga á mealladh againn ar bhealach atá indíreach.

Luadh an ceol a bhíonn á craoladh againn san oíche ar Anocht FM. Bíonn go leor daoine óga ag éisteacht leis an spórt atá againn, leis an gceol traidisiúnta atá againn agus leis an gceol tíre atá againn. B'fhéidir nach bhfuil cláir againn atá leagtha amach do ghasúir nó do dhaoine óga per se, ach ní sin le rá nach bhfuil siad ag éisteacht le cuid de na cláir atá againn ar an aer. Tá obair á dhéanamh freisin ó thaobh an dara stáisiún a luadh níos luaithe. Tá níos mó eolais ag Rónán Mac Con Iomaire faoi sin.