Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 23 October 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta
4:00 pm
Mr. Rónán Mac Con Iomaire:
Aontaím leis an méid atá ráite ag an Teachta Ó Cuív maidir leis an deacracht a bhíonn ann nuair atá seirbhís amháin ag iarraidh freastal a dhéanamh ar chuile aoisghrúpa as chuile déimeagrafach. Labhair mé le craoltóirí i dTír na mBascach le gairid maidir leis an gcur chuige atá acu. Tá príomhstáisiún mar a bheadh Raidió na Gaeltachta acu sa tír sin, agus ansin tá stáisiún eile atá dírithe ar phobal níos óige le saghas béim éagsúil ar an gcineál Bascais a úsáideann daoine óga. Tá trialacha á dhéanamh ag BBC Radio Cymru sa Bhreatain Bheag faoi láthair. Tá siad ag déanamh saghas scoilteadh ar an minicíocht le freastal ar dhéimeagrafach éagsúla ag amanna éagsúla i gcaitheamh an lae. Tá saghas grúpa oibre curtha le chéile againn le RTÉ, Conradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ 2FM le feiceáil eadrainn céard iad na hacmhainní agus na scileanna ar fad atá againn. Táimid ag breathnú ar an rud atá ann. Tá ardáin éagsúla seachas FM luaite ag an Teachta Ó Cuív, agus is é sin an cur chuige atá ag Raidió Rí-Rá i láthair na huaire. Má tá na hacmhainní ar fáil, is féidir linn tógáil ar sin agus seirbhísí a dhíríonn ar an bpobal níos óige a chur ar fáil dóibh.
Mar chuid den chur chuige atá ag RTÉ agus muid ag iarraidh freastal ar dhaoine óga agus ar chineálacha áirithe ceoil, sainspéiseanna agus aoisghrúpaí, caithfidh mé a rá go bhfuil forbairtí suntasacha déanta againn le RTÉ 2FM. Go traidisiúnta i gcaitheamh na mblianta, ní raibh mórán déileáil ag RTÉ 2FM ó thaobh na Gaeilge, ach le blianta beaga anuas tá an stáisiún sin ag cur go leor ábhair Gaeilge ar fáil agus ag taispeáint go leor tacaíochta don teanga. Mar shampla, tá clár dátheangach ar 2FM chuile Aoine. Úsáidtear Gaeilge ar an bpríomhchlár laethúil a chuireann Eoghan McDermott i láthair nuair atá sé i mbun idirphlé leis an té atá ag plé le cúrsaí nuachta. Tá albam le ceoltóirí móra le rá le leaganacha Gaeilge dá gcuid amhráin curtha ar fáil isteach i chuile scoil sa tír le gairid. Don chéad uair, is dócha, táthar ag craoladh amhráin i nGaeilge, bíodh gur amhráin iad le leithéidí Ed Sheeran nó amhráin lenár gcuid ceoltóirí comhaimseartha féin, ar nós IMLÉ nó Kneecap.
Tá 2FM ag déileáil leis an teanga níos mó ná mar a bhíodh roimhe seo. Déarfainn nach bhfuilimid teoranta ó thaobh an spáis amháin. Táimid ag iarraidh na nasc seo a oibriú amach. Táimid ag iarraidh bheith ag obair sa treo sin. Táimid ag déanamh rudaí i spásanna eile freisin ionas gur féidir linn freastal ar an óige i nGaeilge go comhaimseartha. Ba mhaith linn tairbhe a bhaint as an dea-thoil atá i measc an aoisghrúpa sin i leith na teanga.
No comments