Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 October 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Forbairt agus Todhchaí Raidió na Gaeltachta

4:00 pm

Mr. Rónán Mac Con Iomaire:

Freagróidh mé an chéad cheist ó thaobh Fios Físe agus an taighde éisteachta. Tá costas breise i gceist. Tá sé suntasach san am atá ann leis an míniú atá tugtha ar chúrsaí airgeadais in RTÉ, go bhfuil an infheistíocht á déanamh i dtaighde leanúnach don chéad uair i stair Raidió na Gaeltachta, ach tá an costas á roinnt mar go bhfuilimid á déanamh mar chuid de chomhphairtíocht le TG4 agus tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tabhairt faoi sin.

Sa taighde sin táimid ag díriú ar phobal na Gaeilge, bíodh siad sa Ghaeltacht nó taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sampla de 500 duine mar chuid den taighde sin agus tá an scaipeadh déanta ar an 500 duine sin de réir bunadh déimeagrafaigh an daonáirimh ó thaobh cá bhfuil daoine a labhraíonn Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Maidir le bheith ag freastal ar phobal éisteachta gan Ghaeilge, ó thaobh na taighde de, faighimid cuid den eolas sin ón JNLR. Freisin, tá painéal taighde lucht féachana agus lucht éisteachta inmhéanach ag RTÉ. Úsáidtear é le haghaidh ceisteanna a fhreagairt trasna na réimsí uilig agus táimid in ann mianta dream nach bhfuil Gaeilge acu a fháil trí sin. Tá sé éagsúil ó thaobh TG4, ach tá sé níos deacra geallúint a thabhairt ó thaobh daoine a mhealladh ó thaobh lucht éisteachta a chomhlíonadh ó thaobh cúrsaí raidió de. Leis an teilifís tá fotheidil agus físe ann. Tá ceol agus bealaí eile ina thimpeall ach fágfaidh mé é sin ag an Uasal Mac Donncha.