Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 October 2018
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Nuair a chuir an Teachta Niamh Smyth an cheist orm ar dtús, bhí mé ag caint fadúda an daonáireamh. Is é sin an slat tomhais maidir leis an líon daoine a úsáideann an teanga ó lá go lá. Nuair a tháinig an polasaí oideachais isteach, bhí measúnú déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna freisin. Bhí comhairliúcháin ann agus bhí sí ag obair le chéile le daoine. Sin an fáth go mbeidh an pleanáil teanga thar a bheith tábhachtach amach anseo. Is é an ról a bheidh ag na daoine a tagann isteach mar oifigigh pleanála teanga ná sárobair a dhéanamh sa cheantar agus measúnú a dhéanamh fadúda na bunscoileanna, na meánscoileanna, rudaí spóirt agus rannóga agus earnálacha eile. Beidh tionchar mór acu agus iad ag obair. Sin an fáth go bhfuil an reachtaíocht de dhíth.
Maidir leis an gceist faoin gcultúrlann, tá tiomantas agus gealltanas déanta fadúda an €4 milliún. Táimid ag obair as lámh a chéile le Conradh na Gaeilge. Táimid ag déanamh réamhoibre fadúda an t-ionad seo.