Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An ligfidh an tAire Stáit dom críochnú? Níl mé ag caint faoi éileamh. Tá a fhios ag gach uile duine sa tír seo go bhfuil fíor éileamh ar na seirbhísí seo. Táim ag caint faoi rud éigin eile. Táim ag iarraidh a fháil amach conas a mbíonn a fhios ag an Aire Stáit agus a Roinn go bhfuil a gcuid uirlisí, cosúil le Bliain na Gaeilge, ag obair? Conas a bhfuil a fhios acu go bhfuil tionchar acu nó go bhfuil dul chun cinn tagtha ar an líon daoine atá ag labhairt as Gaeilge? Sin an slat tomhais atá ann. Dá mbeinn i mo chomhlacht príobháideach bheinn ag déanamh pobalbhreitheanna go rialta chun a fháil amach an bhfuil daoine in ann an teachtaireacht a chloisteáil agus an bhfuil siad ag athrú a gcuid iompair dá bharr.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.