Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 3 October 2018
Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion
1:30 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
An féidir liom teacht isteach le giota beag? Bím ag cloisteáil go bhfuil sé i bplean forbartha an Rialtais go bhfuil sé chun caiteachas de €1.1 billiún a chur ar fáil, go mbeidh 15% den mhéid sin dírithe ar an nGaeltacht, agus go bhfuil sé seo iontach, ach sa phlean forbartha náisiúnta, Transforming Ireland, a bhí ann idir 2007 agus 2013 bhí €2.1 billiún i gceist agus bhí 22% den figiúr sin ag dul go dtí an Ghaeltacht. Is titim iomlán atá i gceist. An freagra a bhíonn ann mar gheall ar an titim uafásach in Údarás na Gaeltachta ná an méid airgid atá an Rialtas chun tabhairt go dtí an earnáil sa todhchaí. Tá an freagra sin lofa i gcomparáid leis an airgead a bhí curtha isteach roimhe.