Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Bhí cúpla moladh agus cúpla ceist aige. Ní aontaím leis maidir leis an Roinn a bheith ag obair i silo. Níl a fhios agam cén Gaeilge atá ar silo, ach níl sin fíor ná ceart. Tá sárobair déanta idir mo Roinn féin, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir leis an obair a éiríonn as an phlean gníomhaíochta cúig-bliana. Chomh maith leis sin, tá go leor déanta maidir leis an obair a éiríonn as an Bhille teangacha freisin. Mar shampla, an chéad uair a tháinig mise isteach mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge in 2014, ní raibh an caidreamh idir an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta rómhaith ach anois tá sé an-difriúil. Tá comhaontú déanta maidir leis an figiúir de 20% de phoist sa Státseirbhís a bheith líonta le daoine le Gaeilge. Táim muiníneach go mbeidh dul chun cinn déanta air sin roimh dheireadh na bliana.

Chomh maith leis sin tá an Roinn Oideachais agus Scileanna agus mo Roinn féin ag obair as lámh a chéile maidir le pleanáil teanga agus maidir le polasaí oideachais. Le bheith ionraic, tá deacrachtaí ann. Mar shampla, tá deacrachtaí maidir le teacht ar mhúinteoirí scoile le Gaeilge. Tá an ceart ag an gCathaoirleach. D'ardaigh sé ceist fadúda Inis Meáin. Tá rud soiléir ag baint le hInis Meáin. Bhí an Taoiseach ansin cúpla mí ó shin. Bhí mise leis. Beidh stádas na meánscoile sin aitheanta. Tá rudaí dearfacha ag bogadh ar aghaidh.

D'ardaigh an Cathaoirleach ceist fadúda buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta. Tá mé i gcónaí ag lorg breis airgid fá choinne cúrsaí caipitil. Sin an fáth go bhfuil sé ráite sa phlean náisiúnta go mbeidh breis airgid ar fáil amach anseo. Tá brú ormsa agus orainn-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.