Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Míle buíochas as sin. Istigh anseo i dTithe an Oireachtais bímid i gcónaí ag caint faoi silos. Is cuma cén coiste atá ann bímid i gcónaí ag caint faoi silos agus nach mbíonn na Ranna ag obair le chéile ar chor ar bith. Chuir an Teachta Smyth ceist ar an Aire Stáit níos luaithe faoin méid Gaelscoileanna atá cruthaithe sa tír seo agus dúirt sé nach raibh a fhios aige cé mhéad a bhí tógtha an bliain seo agus go bhfaighidh sé an t-eolas ón Roinn Oideachas agus Scileanna. Mar Aire Stáit atá freagrach as an Ghaeltacht, tá sé dochreidte nach mbeadh sé ar an eolas faoi cé mhéad Gaelscoileanna atá tógtha sa tír seo. Taispeánann sé an easpa ceangal agus cumarsáid idir an Roinn agus an Roinn Oideachas agus Scileanna - an Roinn ina bhfuil an tábhacht is mó ann i leith an Ghaeilge. I rith an tsamhraidh seo, chualamar go mbeadh na páistí ag dul ar ais go dtí an meánscoil in Inis Meáin agus nach mbeadh múinteoir le fáil do cuid de na hábhair i nGaeilge. Taispeánann sé sin an mana uafásach atá ag an Roinn ar an Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh an dá Roinn fite fuaite le chéile mar gheall ar a chuid pleananna agus gníomhaíochtaí. Nuair a bhíonn Creative Ireland, an Chomhairle Ealaíon agus Údarás Craolacháin na hÉireann anseo labhraíonn siad faoin easpa dualgais atá orthu an Gaeilge a chur chun cinn. An seachtain seo chaite chualamar go raibh an Aire Sláinte, an Teachta Harris, chun dul ar aghaidh le rabhadh sláinte a chur ar buidéilí alcóil ach nach mbeadh sé á déanamh ach in aon teanga amháin.

Is cosúil go bhfuil blinkers capaill ar an Roinn seo agus go bhfuil sí dírithe ar a cuid oibre amháin agus gan a bheith ag féachaint ar an tionchar iomlán atá aici ar gach taobh den Rialtas. Chun troid in aghaidh an nóis sin, bhí an tAire Stáit chun bheith mar chathaoirleach ar choiste idir-rannach chun go mbeidh an t-eolas sin ag sruthú ó gach taobh go dtí gach taobh eile. D'ardaigh Teachta eile pointe faoi na hoifigí poist sna Gaeltachtaí. Tá a fhios ag an Aire Stáit féin go bhfuil an Ghaeilge ag brath ar gach Roinn a bheith ag obair le chéile ar an ábhar seo. Muna bhfuil aon duine in ann é sin a tharraingt le chéile, beimid i dtrioblóid. Sin an chéad cheist mar gheall ar na blinkers atá ar an Roinn seo.

Mar gheall ar chaiteachas, d'ardaigh mise an t-ábhar faoi Fhoras na Gaeilge ach má fheictear ar an gcaiteachas iomlán ar an nGaeilge táimid fós ag caint faoi chúrsaí na leathphingine i gcomparáid leis na Ranna eile. Tá Údarás na Gaeltachta fós thíos mar gheall ar an airgead a chaitheann sé. Má bhreathnaíonn duine ar an IDA nó Fiontar Éireann, tá ardú de 50% tar éis teacht ar an airgeadas a fhaigheann siad. Sin an cheist eile.

Mar gheall ar na pleananna teanga, b'fhéidir go bhfuil an t-eolas mícheart agam ach ceapaim nach bhfuil pingin faighte ag aon phlean teanga go dtí seo fós. Bhí an t-iarTeachta Dinny McGinley i gcathaoir an Aire Stáit in 2013 agus thóg seisean an Bille sin isteach. Táimid ag caint faoi 2018. Tá cúig bliana imithe anois agus, cé go bhfuil a fhios agam ón ráiteas a thug an tAire Stáit dom go bhfuil sé ar tí an t-airgead a chaitheamh ar an earnáil seo, níl an t-airgead ag dul isteach i leith na rudaí seo fós.

Mar gheall ar Bhliain na Gaeilge, is léir ón bhfreagra a thug an tAire Stáit don Teachta Niamh Smyth nach bhfuil aon slat tomhais ann. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil an CSO nó an daonáireamh ann mar gheall ar bheith cinnte faoin méid daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge lá i ndiadh lae, ach tá go leor pobalbhreitheanna ar fáil ó RED C agus a leithéid. Bíonn comhlachtaí príobháideacha ag úsáid na heagraíochtaí sin i gcónaí chun a fháil amach an bhfuil daoine ag cloisteáil a gcuid teachtaireachtaí nó an bhfuil siad ag aithint an branda atá acú nó rudaí cosúil leis sin. Is féidir leis an tAire Stáit agus an Roinn a bheith giota beag cruthaitheach idir daonáirimh chun a fháil amach an bhfuilimid ag fáil luacha mar gheall ar an gcaiteachas ar an rud sa tír seo.

An bhfuil aon scéal faoin gcultúrlann i mBaile Átha Cliath? Chuala mé go bhfuil dul chun cinn tagtha ar an ábhar sin agus ba mhaith liom dea-eolas a chloisteáil faoi más féidir. Nuair atáim ag dul thart timpeall na tíre agus ag caint leis na comharchumainn áitiúla agus clubanna óige sna Gaeltachtaí, tá siad i gcónaí ag gearán faoin méid airgeadais atá siadsan ag fáil agus faoin mbrú uafásach atá ag teacht orthu dá bharr. Sin mo mhéid.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.