Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 3 October 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Mid-Year Review of Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Discussion

1:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Leithdháileadh €43.5 milliún in 2017 do chlár C don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. Tá maoiniú reatha de €33.196 milliún san áireamh anseo, mar aon le €10.348 milliún i gcaiteachas caipitil. Ba é €15.818 milliún an t-ollchaiteachas iomlán do chlár C go dtí 30 Meitheamh 2018. Mar is eol don gcoiste, tá réimse leathan oibre agus gníomhaíochtaí idir láimhe agam féin agus ag mo chuid oifigigh chun tacú leis an Ghaeilge. Is orainn atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 mar aon leis an bPlean Gníomhaíochta cúig bliana 2018-2022 lena mbaineann, ina leagtar amach spriocanna sonracha agus na hamscálaí a bhaineann leo. Sílim go bhfuil sé tábhachtach a aithint gur cuid lárnach de chur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge an obair agus an infheistíocht leanúnach atá ar bun i ndáil le raon leathan scéimeanna, beart, clár agus tionscnamh atá á maoiniú ó rannóg na Gaeltachta sa Roinn.

Ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga ceithre bliana ó shin, is ar ullmhúchán pleananna a bhí an próiseas dírithe den chuid is mó. Lean an obair seo ar aghaidh i gcaitheamh na bliana anuraidh. I mbliana, áfach, is ar chur chun feidhme na bpleananna sin atá an fócas. Tá mo Roinn ag cur allúntas ar fiú €850,000 chun cuidiú le cur chun feidhme an phróisis pleanála teanga sa bhliain reatha. Tá an chéad deich gcinn de na pleananna seo seolta anois agam agus tá allúntas ar fiú idir €100,000 agus €150,000 an ceann á chur ar fáil sa chéad bhliain chun tús a chur lena gcur chun feidhme. Tabharfaidh an t-allúntas seo deis do na coistí áitiúla oifigigh pleanála teanga a fhostú chun tús a chur le cur chun feidhme a gcuid pleananna. Anuas air sin, dár ndóigh, beidh fáil ag na coistí seo sa ghearrthéarma ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil faoin réimse leathan scéimeanna atá á riaradh ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé beartaithe cúig phlean eile a cheadú i mbliana. Níos luaithe i mbliana, d’fhéach mo Roinn ar na riachtanais choiteanna a bhí sonraithe ag na pobail éagsúla ina gcuid pleananna agus rinneadh leasú ar scéimeanna na Roinne chun freastal ar na riachtanais sin. Ag baint úsáide as an gcur chuige seo, leithdháileadh líon suntasach airgid bhreise do Ealaín na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta chun tacú le hearnálacha na n-ealaíon, an teaghlaigh agus na luathbhlianta faoi seach sa Ghaeltacht. Tabharfar tacaíocht bhreise chun tacú le forbairt óige sa Ghaeltacht fosta. Ag baint úsáide as an gcur chuige seo, táim thar a bheith muiníneach go mbeidh an Stát in ann freastal ar an mbealach is cuí agus is éifeachtaí ar riachtanais an phobail leis na hacmhainní atá ar fáil.

Cuireann mo Roinn maoiniú ar fáil do Údarás na Gaeltachta, agus oibríonn sí i ndlúthchomhar leis mar an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht. Maidir le buiséad caipitil an údaráis do 2018, ardaíodh an figiúr bunlíne go €7 milliún i mbliana. Cuirfidh an maoiniú breise seo ar chumas Údarás na Gaeltachta poist a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht agus tuilleadh infheistíochta a mhealladh go ceantair Ghaeltachta. Chuige sin, de réir mar a thuigim, tá sé mar aidhm ag an údarás 500 post nua a chruthú sa Ghaeltacht in 2018. Cuireadh acmhainní reatha breise ar fáil don údarás i mbliana freisin d’fhonn tacaíochtaí do chomharchumainn agus eagraíochtaí pobail a mhéadú.

Glacadh roinnt céimeanna anseo in Éirinn agus sa Bhruiséil chun deireadh a chur leis an maolú ar úsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh in 2021. Tá thart ar €1 milliún á leithdháileadh arís i mbliana don earnáil tríú leibhéal chun cúrsaí oiliúna cuí a sholáthar do na phoist san Aontas Eorpach. Tá borradh faoin earnáil sin faoi láthair, agus d’fhógair an European Personnel Selection Office, EPSO, 72 phost d’aistritheoirí le déanaí. Tá an obair maidir le deireadh a chur leis an maolú á déanamh de réir an sceidil agus táim lánmhuiníneach go mbeimid in ann deireadh a chur leis an maolú in 2021. Maidir le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear, tá an-rath ar an gclár seo agus tá méadú leanúnach ag teacht ar líon na n-iarratas faoin scéim bliain i ndiaidh bliana. Mar aitheantas ar an méid sin, tá deontais ar fiú €1.8 milliún san iomlán iad ceadaithe don tréimhse 2016-17 go 2018-19 le haghaidh os cionn 40 ollscoil agus coláistí tríú leibhéal timpeall na cruinne. Cuireann an scéim seo go mór le léann na Gaeilge sa phobal acadúil idirnáisiúnta agus ardaítear stádas na teanga dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.