Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús bhí an Cathaoirleach ag labhairt fadúda na huimhreacha. Bhí an Teachta Tóibín ag labhairt fúthu fosta agus faoin dúshlán a ghabhann leo. Tá an Cathaoirleach ionraic. Táim ionraic maidir leis an tiomantas agus maidir leis an ngealltanas fá choinne na teanga. É sin ráite, táimse i gcónaí ag labhairt fadúda na rudaí atá ag obair ar an talamh ón mbun aníos, mar shampla, an phleanáil teanga. Is croílár an phlean gníomhaíochta í an phleanáil teanga. Sin sampla den comhúinéireacht. Tá daoine ar an talamh ag obair agus ag glacadh páirt. Mar shampla, tá comhoibriú ann idir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Dá mbeadh comhúinéireacht socraithe, ba tús maith é sin.

É sin ráite, bhí an Teachta ag caint faoin slat tomhais - an líon daoine a labhraíonn Gaeilge agus a úsáideann an teanga ó lá go lá. Cén fáth nach bhfuil na daoine le Gaeilge ag úsáid na teanga ó lá go lá? B'fhéidir go bhfuil leithscéal den scoth ag na daoine. B'fhéidir go raibh taithí diúltach acu sna bunscoileanna agus meánscoileanna, ach níl imní ar bith ag na daoine a gcasaim leo - daoine óga sna bunscoileanna, daoine taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, daoine sa Tuaisceart agus daoine thar lear.

Is a mhacasamhail liom féin iad na daoine sin. Tá siad ag déanamh botún agus ag spraoi, agus é sin le feiceáil nuair a úsáideann siad an teanga. Is é sin an fáth go bhfuilimid ag breathnú ar na daoine óga. Ba é shin an fáth a cuireadh méadú ar an gcéatadán ó 80% go dtí 90% fá choinne na ndeontas go dtí foirne na naíonraí istigh sa Ghaeltacht. Is é sin an fath go bhfuilimid ag cur airgead isteach sa phleanáil teanga, do na dreamanna uilig atá istigh sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, do na bailte seirbhíse, agus do na líonraí. Ba é shin an fáth go raibh na spriocanna agus na moltaí sin ina gcroí-lár den phlean gníomhaíochta.

Bhí an Teachta ag labhairt fosta i dtaobh an airgid istigh sa phlean forbartha náisiúnta. Tá na figiúirí ag an Teachta. Is €178 milliún atá i gceist. Beimid ag treabhadh ar aghaidh leis an méadú ag an bpointe seo maidir leis an airgead a chuirfear i dtreo Údarás na Gaeltachta agus maidir leis an airgead caipitil. Chomh maith leis sin, tá cinneadh déanta agam maidir leis an airgead a bheidh ag an IDA agus ba é sin an chúis go raibh cruinniú foirmiúil agamsa leis na hoifigigh ó IDA agus ó Údarás na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin ag féachaint i dtreo bealach difriúil ina bhféadfaimis a bheith ag obair le chéile, mar tá freagracht ag IDA maidir leis na ceantair iargúlta atá istigh sna ceantair Ghaeltachta fosta. Táim sásta leis an gcomhoibriú seo a chur chun cinn fosta maidir leis na daoine uilig a bheadh ag smaoineamh bogadh ó chathair na Gaillimhe nó ó Bhaile Átha Cliath go dtí Tír Chonaill nó go dtí ceantair iargúlta i nGaillimh.

Maidir leis an gceist a d'ardaigh an Teachta i dtaobh scéim na mbóithre áise, tá suim agam sa scéim sin. Chonaic mé na rudaí dearfa, na moltaí agus na buntáistí a baineadh amach maidir leis na bóithre áise. Nuair atá mé i mBaile Átha Cliath, bíonn na hAirí Stáit, an Teachta Griffin agus an Teachta Kyne, i gcónaí i dteagmháil liom maidir leis an scéim sin. Táim ag smaoineamh faoi, agus táim sásta gur ardaigh an Teachta an cheist sin inniu fosta. Tá sé sin tábhachtach maidir leis na daoine uilig atá ina gcónaí ins na ceantair iargúlta, bíodh siad ar an mórthír nó lasmuigh ar na hoileáin freisin.

Maidir leis na Gaelscoileanna, is é sin scéal maith, dearfa, agus den scoth i dtaca leis na daoine ag bogadh ar aghaidh, agus an leanúnachas atá le feiceáil ansin, ó na naíonraí go dtí an bhunscoil go dtí na meánscoileanna agus na Gaelscoileanna. Tá scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh de scéim na nGaelscoileanna, mar shampla, cúpla meánscoil i dTír Chonaill, ag smaoineamh anois faoi shruth Gaeilge. Tá sé le feiceáil i gceantair i Loch Garman agus áiteann eile, agus táim ag obair leis na daoine atá ag smaoineamh ar mheánscoil agus sruth na Gaeilge a dhéanamh. Tá an t-éileamh ag dul i bhfeabhas fosta.

Bhí cúpla moladh eile freisin ag an Teachta maidir leis an airgead, na hacmhainní, infheistíocht agus mar sin de. Is é sin an fáth gur chaith muid €2.6 milliún ar phleanáil teanga i mbliana. Bhí muid ag obair lámh le lámh le chéile le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Is é sin freagra na ceiste. Is é sin an plean a bheidh muid ag féachaint air amach anseo agus ag obair i gcónaí leis na daoine ar an talamh. Is mo thaithí féin é, roimh an post seo a bheith agam mar pholaiteoir, nuair a bhí mé ag obair leis na daoine ar an talamh agus sa phobal, ná mura bhfuil an tiomantas bainte amach ón Rialtas agus léirithe do na daoine a bheidh ag obair agus ag úsáid na teanga ar an talamh ó la go lá, ní bheimid in áit dhearfa amach anseo. Táim dóchasach maidir leis na daoine uilig, agus táim sásta leanúint ar aghaidh ag oibriú leis na daoine a bhfuil ag bogadh na teanga chun tosaigh, dá mba rud é tríd na hamhránaithe, an dráma, na rudaí cultúrtha, an oidhreacht agus rudaí mar sin.

Mar fhocal scoir ar na ceisteanna a d'ardaidh an Teachta, agus bhí ocht nó naoi gcinn, lena n-áirítear ceisteanna ginearálta, beidh muid ag smaoineamh ar infheistíocht a dhéanamh sna coláistí samhraidh. Tá cuid mhór daoine óga ag dul ar na coláistí samhraidh anois, bíodh siad i gcontaetha Chorcaí, Dún na nGall, Gaillimh, na Mí, nó áit ar bith eile. Táimid ag amharc ar airgead agus acmhainní breise a chur i dtreo na gcoláistí samhraidh chun leibhéal an seanfhoireann a chur ar ais. Dá mba rud é go mbeadh siad ag smaoineamh ar shíneadh nó feabhsú a dhéanamh, bheadh muid ag obair le chéile leo fosta.