Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 10 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Gníomhaíochta 2018-2022 de Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

5:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Sin an céad pointe atá agam freisin, is é sin an pointe mar gheall ar titim an méid daoine atá ag labhairt an Gaeilge go laethúil sa Ghaeltacht.

Is iad na outputs an slat tomhais is tábhachtaí mar gheall ar an straitéis 20 bliain ná aon straitéis eile. Is léir go bhfuilimid ag dul sa treo mícheart leis an straitéis seo. Bhí cuspóir ann go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil ag deireadh na straitéise seo. Nuair a cumadh an cuspóir, bhí 83,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Anois níl ach 73,000 daoine ag labhairt Gaeilge go laethúil. Caithfimid a bheith ionraic faoin drochstaid ina bhfuil an Ghaeilge tar éis na blianta ina raibh an straitéis ann. Dúirt an sochtheangeolaí, Conchúr Ó Giollagáin:

[N]íl beartais an phlean nua seo fréamhaithe i ndiagnóis ar na dúshláin atá ag an bpobal. Is í fealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, seachas riachtanais an phobail Ghaelaigh, atá ceannasach fós sna tosaíochtaí nua seo.

Dar leis an saineolaí sin, tá an plean seo ag díriú isteach ar dhaoine nua nach bhfuil ag labhairt na Gaeilge agus tá sé ag déanamh neamhaird ar na daoine atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Is í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge. Muna bhfuil an Ghaeltacht ag feidhmiú agus muna bhfuil pobal ag labhairt na Gaeilge lena chéile go laethúil, beidh an tonn tite amach as an rud ina iomlán.

Mar gheall ar airgeadas, táimse tar éis an pointe seo a dhéanamh arís agus arís eile. Níl a dhóthain airgid ag teacht isteach go dtí an Roinn seo. Tá go leor tar éis a bheith tógtha amach as an nGaeltacht. Tá Údarás na Gaeltachta, atá ina inneall eacnamaíochta don Ghaeltacht, ina smidiríní. Tá titim de 70% tagtha ar mhaoiniú caipitil Údarás na Gaeltachta. Sa tréimhse céanna, tugadh 66% níos mó airgid don IDA agus d'Fhiontar Éireann. Is iad cúrsaí eacnamaíocta ceann de rudaí is tábhachtaí mar gheall ar an nGaeltacht. Nuair a bhíonn muidne ag díriú isteach ar an titim, deireann daoine gur tharla é seo i lár an chúlaithe eacnamaíochta nuair a bhí daoine ag imeacht ón nGaeltacht. An freagra air sin ná an méid airgid a bhí tugtha don IDA agus d'Fhiontar Éireann. Ní fheicim aon dul chun cinn cuí sa phlean seo. Tá tagairt dó sa phlean forbartha náisiúnta ach níl chóimheas cuí sa phlean nua atá ag Fine Gael mar gheall ar fhorbairt na tíre. Táimid ag caint faoi 15% sa phlean nua atá le teacht ach fuair an Gaeltacht 22% den airgead sa seanphlean forbartha náisiúnta.

Is féidir smaoineamh ar rudaí nach mbaineann aon chostas leo ar chor ar bith, ar nós comharthaí bóithre. Bhí sa straitéis go mbeadh an Ghaeilge sofheicthe. Cén fáth nach bhfuil an Rialtas ag dul ar aghaidh leis sin? Bhí an Teachta Leo Varadkar sásta scéim piolóta a chur ar bun mar gheall ar chomharthaí bóithre nuair a bhí sé ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Nuair a bhí mise ag caint leis an Aire, an Teachta Shane Ross, dúirt sé liom nach raibh aon fhadhb aige leis an scéim sin ach fós níl rudaí cosúil leis sin istigh sa phlean.

Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag déanamh níos mó mar gheall ar oideachas? Le blianta anuas tá daoine ag caint faoi na Gaelscoileanna agus ag rá gur iontach an rud iad. Ceapann gach duine sa seomra seo go bhfuil Gaelscoileanna iontach ar fad. Tá 25% de tuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí a chur chuig Gaelscoil ach níl ach 5% de pháistí ag dul chucu. Tá bearna ollmhór idir éileamh agus soláthar. Ní raibh Gaelscoil nua ar bith fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana. Ní fheicim aon smaointí mar gheall ar phlean don Ghaeilge i scoileanna Béarla sa phlean gnímh seo. An dtuigeann an tAire Stáit? Dúirt an straitéis 20 bliain go mba cheart go mbeadh cúpla bliain de thumoideachas le fáil ag gach páiste sa tír. Dúradh go mbeadh fiú na páistí atá ag freastal ar scoileanna Béarla timpeall na tíre in ann cúpla bliain de thumoideachas a fháil. Mar is eol don Aire Stáit, nuair a fhaigheann daoine tumoideachas i dteanga ag tús a saolta, ní foghlaim atá i gceist i ndáiríre. Bíonn daoine cosúil le sponge. Tógann siad na focail nua isteach gan aon strus nó stró ar chor ar bith. Níl aon rud sa phlean atá réabhlóideach, radacach nó láidir go leor le déileáil leis an gcúlú atá i gceist san earnáil seo.

Cén fáth go bhfuil an plean seo loite le rudaí atá ag tarlú ag an mbomaite? Cuir i gcás gníomh 8.11, "Leanfaidh Foras na Gaeilge leis an tacaíocht mhaoiniúcháin a chuireann sé ar fáil sa réimse forbartha pobail agus eacnamaíochta." Leanfaidh sé, so is é an gníomh ná go mbeidh gach rud mar atá sé. Féach ar gníomh 5.15, "Leanfaidh TG4 ag cur fotheidil ar fáil". Ní rud nua é sin. Ní rud radacach é sin ar chor ar bith. Tá go leor gnáthtacaíochtaí istigh sa phlean atá forleathan thart timpeall na tíre. Cuir i gcás gníomh 4.9, "Déanfar forálacha na scéimeanna amhail [...] an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas [...] a choinneáil ar bun sa Ghaeltacht". Is rud é sin atá ar siúl thart timpeall na háite agus beimid á choinneáil. Cén fáth a gceapann an tAire Stáit gur gníomh nua é sin? Tá foclaíocht ghníomh 2.4 fíorshuimiúil freisin. An gceapann an tAire Stáit go ndíríonn é seo ar an easpa airgeadais atá ann? Deirtear, "Ag brath ar na hacmhainní a bheidh ar fáil, féachfar chuige go dtacófar le tionscnaimh faoi leith" le tacú leis an bpróiseas. Tá sé nebulous. Níl aon fíorairgead curtha leis. Chuirfimís airgead leis na rudaí sin. B'fhéidir go dtosnóimid leis na ceisteanna sin más féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.