Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaidh mé isteach ag an bpointe seo agus ansin ligfidh mé arís do na Teachtaí teacht ar ais. Tá na ceisteanna go léir curtha ach ta ceann eile agam ó mo shuim féin. Tuigim ó na daoine atá ag obair ar an talamh go bhfuil géarghá maidir leis an nGaeilge. Táimid anseo le breis is dhá bhliain agus tá dream os ár gcomhair chuile choicís. Bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna os ár gcomhair agus tá polasaí iontach aici. Aontaím leis an bhfinné faoi sin. Maidir leis an tumoideachas, cén chaoi a bhfuil na finnéithe in ann é a chur i bhfeidhm ar an talamh agus, ag an am céanna, daoine gan Ghaeilge a mhealladh?