Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:25 pm
Ms Mairéad Mac Con Iomaire:
Is léiriú féaráilte é sin ach tá rud éicint ag rá liom, ag breathnú ar an bplean gníomhaíochta, go bhfuil an Roinn sásta beirt oifigeach Gaeilge a chur ar fáil do taobh amuigh den Ghaeltacht. Deireann an Roinn go mbeidh cead againn úsáid a bhaint astu. Breathnaíonn sé go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. Is é sin an t-aon solas a fheicim féin faoi sin. Beidh daoine ann a mbeidh orthu díriú isteach air sin agus a bheidh ag dul ar choiste le breathnú ar an tseirbhís atá á cur ar fáil trí Ghaeilge. Creidim go mbeidh siad ag plé leis na heagrais luathbhlianta Gaeltachta. Creidim é sin.
No comments