Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:05 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Ó thaobh ceangal a bheith idir na seirbhísí Gaeltachta agus na seirbhísí taobh amuigh den Ghaeltacht, tá an ceangal sin ann mar tá comhlíonadh na Gaeltachta ar an bhfóram náisiúnta na luathbhlianta. Ar an bhfóram náisiúnta sin, tá eagraíochtaí náisiúnta ar fud na hÉireann ar fad agus pé cineál faidbhe atá againne, tá na fadhbanna atá acu níos measa ag an dream atá ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht mar b'fhéidir nach bhfuil an ceann eagras acu mar atá ann ó thaobh Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Luaigh an Teachta an plean gníomhaíochta a sheol an tAire Stáit McHugh i dTír Chonaill. Ceann de na rudaí a chonaic mise ansin a bhí tábhachtach ann ná go mbeadh na heagrais Gaeltachta ag teacht le chéile agus go mbeadh na heagrais cúram luathbhlianta, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus Gaeloideachas ag tacú naíonraí agus ag breathnú ar an rud ar fad. Táim ag súil go dtiocfaidh rud éicint as sin. Maidir le na hiarratas atá déanta, tá sé déanta go mion agus go minic ag an eagras atá againne ó thaobh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is cinnte gur ceart go mbeadh an cearta teanga céanna againn agus atá ag na seirbhísí Béarla. Ceapaim, le bheith ionraic, go bhfuil feabhais ag teacht air ach níl aon cheist nach bhfuil muid á dhéanamh go láidir. Tá an-cheangal eatarthu agus tá an-obair á déanamh. Táimid ar fad ag breathnú cén bealach le dul ó thaobh pá de. Tá an fhadhb chéanna ar fud na tíre. Na dúshláin a táimid ag cur os comhair na coiste inniú, níl ceist ach go bhfuil na dúshláin ceanann céanna ann ar fud na tíre seachas an dúshlán teanga nó ceartacha teanga. Ó thaobh Comhar Naíonraí na Gaeltachta de, ó thaobh na heagraíochta de, is seirbhísí luathbhlianta atá ann agus is é sin luathoideachas agus cúram trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil, lán trí Ghaeilge gan ceist. Tá polasaí teanga an-láidir againn agus bhí sé sin ariamh ag an eagraíocht. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sé sin na ceisteanna.