Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:05 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bhí dhá cheist an-sonrach ann. Is é sin, ar na nithe atá ar an liosta a bhaineann le luathoideachas go ginearálta, an bhféadfaí a rá go bhfuil comhaontú ón earnáil ar fad, Béarla agus Gaeilge, faoi na héilimh sin? Maidir leis na rudaí a bhaineann le seirbhísí trí Bhéarla agus mar sin de agus a bhaineann le Gaeilge, an bhfuil comhaontas idir Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus na dreamanna taobh amuigh den Ghaeltacht faoi fheidhmeanna na naíonraí taobh amuigh den Gaeltacht maidir le na héilimh sin? Luíonn sé le réasúin, má théann duine isteach ag déanamh cur síos ar na héilimh atá in earnáil go ginearálta, beidh chuile Teachta Dála sa Dáil ar bhord ag troid ar a son. Abair gurb iad seo na héilimh atá ag teacht ó earnáil na Gaeilge, beidh chuile Teachta Dála ar bhord ar fud na tíre. Má táimid ag caint mar Theachta Gaeltachta, agus píosaí beaga dóibh, i chuile ceann, fiú i nGaillimh, beimid i bhfad níos laige agus sin an fáth go bhfuil tábhacht do straitéis leis an gcomhoibriú ar dhá leibhéal ar fud na tíre. B'fhéidir nár thuig mé an finné i gceart ach níl mé iontach soiléir an bhfuil an dá leibhéal comhoibrithe sin ann.
No comments