Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:05 pm

Mr. Ray Mac Pháidín:

Tagraím do dheimhniú na Garda, Garda vetting. Táimid ag úsáid an comhlacht Early Childhood Ireland anois le haghaidh na deimhnithe sin, mar roimhe sin bhí muid ag úsáid comhlachta eile, Barnardos, agus bhí moill leis ach anois táimid in ann na deimhnithe a fháil taobh istigh de thrí seachtaine so tá sé i bhfad níos éifeachtaí.