Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:55 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá an méid atá le rá acu thar a bheith spéisiúil. Bhreathnaigh mé ar an éileamh atá acu. Brisim i ndá chuid é - an t-éileamh náisiúnta atá ar an earnáil luathoideachais a bhaineann le Gaeilge sa nGaeltacht agus sa nGalltacht, agus an t-éileamh ar an earnáil a bhaineann le Béarla agus Gaeilge. Feictear dom gurb é an bhealach is fearr leis sin a throid ná ar bhonn na hearnála ar fad. Is é mo chéad cheist ná cén comhoibriú nó cén ceangal atá ag na finnéithe leis na grúpaí a bheadh ionadaíoch don earnáil luathoideachais trí Bhéarla ó thaobh an bhuncheist, ceist an bhunphá? Sin an cheist atá na finnéithe ag lua. Tá siad ag rá go mba cheart go mbeadh daoine íoctha i bhfad níos fearr ná mar atá siad íoctha faoi láthair. De réir mar a thuigim an scéal ó bheith ag éisteacht leis na rudaí atá ar bun anseo, ní rud é sin a bhaineann leis an earnáil Gaeilge amháin agus leis an earnáil luathoideachais go ginearálta.

Tá go leor rudaí anseo a bhaineann le Gaeilge agus le seibhísí trí Ghaeilge. Feictear dom go luíodh sé le réasún go mbeadh comhéileamh déanta idir na finnéithe agus Gaeloideachas atá ag breathnú, de réir mar a thuigim, ar na naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht. Cen gaol atá ag na finnéithe le Gaeloideachas? Cén comhoibriú atá acu leis? An bhfuil na héilimh seo aontaithe leis? Tá rud amháin cinnte sa Teach seo. Dá mhéad duine nó grúpa nó téagar atá leis na grúpaí atá ag déanamh éisteacht, is mó éisteacht a thugtar dóibh. Luíonn sé le réasún. Feictear dom go mbeadh sé thar cionn ar fád dá bhféadfadh na finnéithe a rá go bhfuil an earnáil ar fad - Béarla agus Gaeilge - taobh thiar de na héilimh mhóra. Maidir leis na héilimh ar fad a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge, agus áirím ansin go mba cheart go mbeadh pá breise ó thaobh múineadh nó feidhmiú trí Ghaeilge mar go bhfuil dua féin ag baint leis, ba cheart go mbeadh comhaontas idir na finnéithe agus Gaeloideachas fúthu. Ba cúnamh é sin do na finnéithe. Láidreodh siad a lámh.

Smaoinigh ar an Teach seo. Má tá daoine ag caint ar an nGaeltacht, tá seacht gcontae ina bhfuil Gaeltacht. Tá seacht nDáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht. B'fhéidir go bhfuil ocht ann toisc go bhfuil Corcaigh roinnte ó thaobh Dháilcheantar de. Más rud a bhaineann le luathoideachas i gcoitinne atá i gceist, tá chuile chontae agus chuile Teachta i gceist. Má tá rud a bhaineann le naíonraí Gaeilge agus Gaeltachta i gceist, tá go leor contaetha i gceist. Mar shampla, tá muintir Bhaile Átha Cliath láidir san earnáil sin. Tá go leor scoileanna i mBaile Átha Cliath a bhfuil naíolanna ceangailte leo. Tá formhór na scoileanna sin i ndeisceart an cathrach. Cá seasann na finnéithe leis na grúpaí sin ar fad madir lena n-éilimh a chur? Dá mhéad Teachtaí agus Seanadóirí is féidir dul i bhfeidhm orthu, is fearr a bheadh sé. Breathnaíonn daoine amach go mór dá nDáilcheantair féin. Luíonn sé sin le réasún. Ní féidir milleán a chur ar dhaoine faoi sin.

Feicim cúpla naíolann luaite ach, de réir mar a thuigim, tá difríocht idir an luathoideachais a bhíodh ar fáil sna naíonraí agus luathoideachais a bhaineann leis an dá bhliain atá ar fáil anois agus atá íoctha, de réir mar a thuigim, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl na naíolanna san áireamh - na crèches agus na háiteanna a dtugtar gasúir uaireanta. Má táimid ag féachaint ar shealbhú teanga, sin an t-am le breith ar ghasúir. An bhfuil plé ar bun idir na finnéithe agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairt earnáil na naíolanna ar fud na Gaeltachta? Chomh fada agus atá sé léir domsa, tá roinnt áiteanna ann ina bhfuil naíonraí Gaeilge ach ina bhfuil na naíolanna ag feidhmiú trí Bhéarla ar bhonn gairmiúil, fiú sa nGaeltacht. Tá sé sin ag cothú dúshlán.

Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe a fháil faoin tábhacht atá ann go bhforbródh an Stát naíolanna Gaeltachta, mar chuid den straitéis 20 bliain den Ghaeilge, le go mbeadh teagmháil leis an ngasúr leis an nGaeilge ón am a shaolaítear iad. An raibh aon rud sa bplean a fógraíodh an tseachtain seo caite? Ní fheadar an raibh aon dream de na finnéithe i dTír Chonaill nuair a bhí an tAire Stáit ag fógairt an fhorbairt a rinne é féin agus an Cathaoirleach amuigh in Inis Meáin. Bhí an aimsir thar cionn. An bhfuil aon rud ansin d'fhorbairt na hearnála seo?

An bhféadfadh na finnéithe soileiriú a thabhairt dom ar rud éigin? Tá a fhios agam go bhfaigheann siad deontais ón údarás. Tagann sé ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ach íoctar iad tríd an údarás. Bheidh Tusla agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag íoc airgid leo ó thaobh pá do mhúinteoirí, d'fheighlithe nó do dhaoine a bhíonn ag plé le cúram leanaí sna naíolanna agus sna naíonraí.

An ndéanann na finnéithe éileamh ar na deontais ar fad atá ar fáil ar fud na tíre do luathoideachas nó do naíolanna pobail? Creidim i gcónaí nár ceart go mbeadh muintir na Gaeltachta thíos leis an méid agus gur ceart go mbeadh an fáil ceanann céanna ag pobal na Gaeltachta ar na seirbhísí náisiúnta agus iad ar fáil trí Ghaeilge agus atá ag an gcuid eile den tír trí na seirbhísí ceanann céanna agus iad ar fáil trí Bhéarla. An mbíonn fadhb, moill agus anró ag baint leis na deimhnithe seo a bhíonn le fáil ón Garda Síochána do oibrithe? Cloisim go mormhór i Meán Fomhair gach bliain go mbíonn moill ag fáil an glantacháin go bhfuil daoine saor le dul ag obair agus mar sin de agus go mórmhór ag plé le cúram leanaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh a leithéid ann ach an mbíonn fadhb ann leis an gcóras agus an bhféadfaí an córas sin a fheabhsú le go bhféadfadh daoine dul ag obair i bhfad níos túisce? Creidim féin go pearsanta, má tá deimhniú ón Garda go bhfuil duine ag súil le dul ag obair ag plé le páistí, go mba cheart go seasfadh sé sin ar feadh bliaina mura thagann rud chun solais don Gharda agus má thagann, ba cheart go ndéarfadh siad leis an bpost é: fiú má tá an deimhniú faighte agus má thagann rud suas ba cheart go ndéarfadh siad é. Is corruair a tharlóidh sé ach ar an drochuair go dtarlódh a leithéid de ba cheart go ndéarfadh láithreach é. Ní haon mhaith é a rá go bhfuil deimhniú ag duine don eagras seo ach nach bhfuil don eagraíocht siúd nuair a tháinig an fhadhb. Seasann deimhniú amháin ach ní sheasann an deimhniú eile. Tá sé craiceáilte. Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil fadhb ann leis an rud sin faoi na deimhnithe ón Garda. Tá na cur i láthair thar a bheith soiléir. Is maith liom an leagan amach agus ní bhféadfadh éinne dul ag troid leis na finnéithe faoi na héileamh ach má tá muidne ag dul i gcath leo agus ag cur na héileamh ar aghaidh dá mhéid tacaíochta atá againn, is é is fearragus is sin an fáth go bhfuil mé ag cur an oiread béime ar, mar shampla, comhghaol a bheith ar na heagraíochtaí Béarla ó thaobh pá go ginearálta agus comhoibriú ó thaobh na rudaí Gaeilge le na naíonraí taobh amuigh den Gaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.