Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:55 pm

Ms Orlaith Ruiséal:

Luaigh Ms Mac Con Iomaire rud atá an-tábhachtach níos luaithe, is é sin go mbeadh daoine ábalta oiliúint a fháil ar líne as Gaolainn. Bhí fadhb mhór againn i gCorca Dhuibhne nuair a rinneamar cúrsa a reachtáil as Gaolainn don chéad uair. Ní raibh sé déanta as Gaolainn cheana. Bhí an-fhadhb ar fad againn leis an Kerry Education and Training Board an bhliain sin. Tharla sé nach raibh an bhean a raibh muid ág plé léi báúil leis an nGaolainn. Bhí briseadh toisc nár féidir linn teacht ar theagascóir chun an cúrsa a dhéanamh as Gaolainn. Bhí briseadh nach mór leathbhliain ann do dhaoine a bhí ag freastal ar an gcúrsa agus ar theastaigh uathu bogadh ar aghaidh.

Thógamar seasamh ó thaobh na teangan de mar go mbraithimid go raibh sé tábhachtach. Ní raibh muid sásta leanúint ar aghaidh as Béarla leis, cé go mbeadh sé i bhfad níos fusa é a dhéanamh. Bhíomar tar éis é a thosnú as Gaolainn agus theastaigh uainn go leanófaí leis as Gaolainn. Dá mbeadh rud éigin ar líne as Gaolainn, bheadh sé nótalaithe ar fad. Conas is féidir a bheith ag súil go mbeadh daoine ag teacht amach agus ag obair san earnáil, go háirithe sna Gaeltachtaí, agus a gcuid oiliúna faighte as Béarla? Bheadh an téarmaíocht ar fad acu as Béarla. Nuair atá siad chun a bheith sáite sa Ghaeltacht ag obair, le cúnamh Dé, ba cheart go mbeidís ag fáil an oiliúint as Gaolainn chomh maith. Bheadh sé nótalaithe ar fad dá mbeadh rud éigin ar líne as Gaolainn.