Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:35 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Maidir le ceist a haon agus an t-ualach mór atá ar an eagraíocht, séard a bhí ag tarlú nuair a thosaigh muid leis an gcomhlacht i 1997 le Seirbhís na Naoínraí Teoranta, bhí 18 fostaithe ag an eagraíocht agus in 2007 bhí 57 ann. Ach an rud is iontaisí ar fad, tháinig níos mo seirbhísí chun cinn, rud a d'fhágadh go raibh an eagraíocht ag méadú agus muid ag tabhairt ualach níos mó oibre orainn féin. Cinnte níl aon cheist ann ach go bhfuil an eagraíocht ag méadú agus tá deontas faighte ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta againn chun beirt eile a fhostú ach beidh siad sin ag plé leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Go bunúsach, sin a tharla ó thaobh na ndúshlán atá ann ó thaobh fóirne de.