Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:35 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tuigim gur ón údarás a thosnaigh an Comhar Naíonraí. An bhféadfadh an finné a shoiléiriú cad é an ról, má tá aon ról a thuilleadh, atá ag an údarás maidir leis an líon daoine atá ar an bhfoireann ag an gComhar Naíonraí nó an bhfuil sé go hiomlán neamhspleách anois? Cá sheasann rudaí ansin? Cad go díreach é an srian atá ar an bhfoireann nó ar earcú breise?

Tá an Comhar Naíonraí ag plé leis an tír ar fad agus mar sin beidh blas i bhfad níos fearr acu ar na heagraíochtaí cosúil le Tusla síos suas an tír, an HSE agus a leithéid. An bhfuil aon áiteanna ina bhfuil na heagraíochtaí sin ag plé leis an gComhar Naíonraí as Gaelainn? Shamhlófaí go bhfuil rud éigin ann. Tá sé áiféiseach amach is amach nach mbeadh na húdaráis ábalta plé leis an gComhar Naíonraí as Gaelainn. An bunaidhm atá ag Comhar Naíonraí ná chun cúrsaí Gaelainne a sheoladh chun cinn agus shamhlófaí go mbeadh na húdaráis ábalta tacaíocht a thabhairt dóibh in áit éigin. Aontaím leis na moltaí gur cóir go mbeadh na tuariscí agus circulars go léir ag teacht ar ais chuig an gComhar Naíonraí as Gaelainn chun go mbeadh siad ábalta dul chuig na tuismitheoirí agus léiriú dóibh gur sin é an tuairisc is déanaí.

Tagraím don méid a dúirt an finné mar gheall ar an bhfoireann tar éis signing on a dhéanamh le déanaí don samhradh - ba chóir go mbeadh tacaíocht éigin dóibh ann. An bhfuil teagmháil déanta le na húdaráis mar gheall ar na deacrachtaí sin agus cén toradh a fuarthas? Toisc go bhfuil dream ag plé go laethúil leis an dúshlán ann comh maith, tá meascán mór de dhaoine tagtha isteach chucu le leibhéal Gaelainne difriúil. Conas a dhéantar é sin a láimhseáil sa seomra ranga nó an é go mbíonn seisiún amháin le na daoine níos láidre nó conas a láimhseáltair an meascán sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.