Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:15 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta, CNNG, an t-eagraíocht is mó sa tír a chuireann seirbhísí luathbhlianta ar fáil, i mBéarla nó i nGaeilge, is cuma seirbhís phobail nó phríobháideach í. Gníomhaíonn CNNG i ngach ceantar Gaeltachta sa tír agus oibríonn an t-eagraíocht lámh ar lámh leis na pobail Ghaeltachta. Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta ó bunaíodh í i bhforbairt, i saibhriú agus i sealbhú na Gaeilge i measc páistí na Gaeltachta, agus todhchaí na teanga don chéad ghlúin eile a láidriú bliain i ndiaidh bliana. Leis sin a dhéanamh, bhí sé mar aidhm ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go mbeadh ceannródaíocht agus dea-chleachtas ag leibhéal idirnáisiúnta á léiriú ag an gcomhlacht. Tá an ceannródaíocht sin á léiriú sa mhéid agus go bhfuil cur chuige CNNG curtha in áit ó shin ag eagrais náisiúnta luathbhlianta eile.

Maidir le cúlra na heagraíochta, is de bharr éileamh ó phobal na Gaeltachta a bhunaigh Údarás na Gaeltachta an comhlacht Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. ar an 21 Bealtaine 2004 mar chomharba ar Sheirbhísí Naíonraí Teo. chun aidhmeanna agus struchtúr Sheirbhísí Naíonraí Teo. a leathnú amach. Chonacthas freisin go raibh éileamh agus gá le coinníollacha caighdeánacha oibre agus reáchtála a chur i bhfeidhm i ngréasán naíonraí na Gaeltachta. Aistríodh maoin agus freagrachtaí Sheirbhísí Naíonraí Teo. chuig CNNG i Meán Fómhair 2004 nuair a thosaigh CNNG ag feidhmiú mar chomhlacht. Tá CNNG aitheanta go náisiúnta mar cheannródaí sna luathbhlianta. Mar fhianaise ar sin, tá aitheantas tugtha do CNNG sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ina theannta sin tá ionadaíocht tugtha do CNNG ar an bhFóram Náisiúnta Luathbhlianta den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ar choiste náisiúnta cosaint leanaí, Tús Áite do Leanaí, den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Freisin tá ionadaíocht ag CNNG ar an togra náisiúnta, Ag aistriú ón Naíonra chuig an mBunscoil, den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

I dtaobh fostaíochta de, tá ceanncheathrú CNNG lonnaithe ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe chomh maith le trí oifig réigiúin. Tá oifig réigiúin Dhún na nGall ag freastal ar an tuaisceart, oifig i Maigh Eo ag freastal ar Mhaigh Eo agus ar thuaisceart agus ar oirthear na Gaillimhe, agus oifig i bPort Láirge ag freastal ar Chúige Mumhan. Déantar freastal ar Ghaeltacht Chonamara agus na Mí ón gceanncheathrú. Fostaíonn CNNG na múinteoirí atá faoina chúram. Faoi láthair, tá 150 duine fostaithe sna seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht.

Is é príomhról CNNG ná seirbhís luathbhlianta den scoth a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is é an dara ról ata againn ná seirbhís tacaíochta sna luathbhlianta a chur ar fáil do choistí Gaeltachta a sholáthraíonn an tseirbhís iad féin agus a bhfuil comhaontú seirbhíse aontaithe acu le CNNG.

Feiceann CNNG an tábhacht agus an phráinn a bhaineann le bheith ag obair lámh ar lámh leis na pobail Ghaeltachta. Tá tábhacht thar cuimse le seirbhís luathbhlianta d’ard-chaighdeán a bheith ar fáil do chuile phobal Gaeltachta. Is leis na pobail Ghaeltachta na seirbhísí, agus feiceann CNNG an tábhacht a bhaineann le lán-tacaíocht bheith ar fáil do na pobail sin lena chinntiú go mbeidh seirbhís den scoth ar fáil acu, seirbhís a mbeidh siad mórtasach astu ina bpobal féin.

Tá forbairt mhór tagtha ar na seirbhísí tacaíochtaí a chuireann CNNG ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. D’eascair an fhorbairt seo as an bhfás thar cuimse a tháinig ar na seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht le 20 bliain anuas. Tá 95 seirbhís luathbhlianta faoi choimirce CNNG agus is iad seo roinnt de na seirbhísí a chuirimid ar fáil dóibh, agus iad giorraithe agam sa phíosa seo. I dtaobh riaracháin, cuirtear seirbhís tacaíochta ar fáil do na tuismitheoirí nó na caomhnóirí agus d'fhoireann na luathbhlianta agus do theaghlaigh óga na Gaeltachta; polasaithe agus nósanna imeachta cuimsitheacha maidir le gach gné den tseirbhís luathbhlianta lena n-airítear polasaithe teanga a chur i bhfeidhm sna seirbhísí; seirbhís iomlán bainistíochta; oifigí forbartha i ngach réigiún chun tacaíocht agus cabhair a sholáthar do na seirbhísí i ngach réimse a bhaineann leis na luathbhlianta; córas íocaíochta pá; riaradh scéimeanna na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige nó Pobal, mar shampla, an scéim ECCE; riaradh deontais caipitil do na seirbhísí atá fostaithe againn; árachas do na seirbhísí; earcaíocht foirne; agus roinnt mhaith eile.

Ó thaobh oiliúna, cinntítear go bhfuil na seirbhísí a bhfuil CNNG freagrach astu ag cloí le rialacháin maidir leis an earnáil. Tugtar traenáil agus oiliúint leis na seirbhísí is fearr agus is sábháilte a chur ar fáil do phaistí na Gaeltachta. Cuirtear an creatchuraclam náisiúnta, Aistear, agus na caighdeáin náisiúnta, Síolta, i bhfeidhm sna seirbhísí.

Tugaimid tacaíocht ó thaobh lámhleabhar tuismitheoirí, an scéim pleanála teanga Borradh agus an clár gníomhaíochta Loinnir, an scéim nasc leis an mbunscoil, an nuachtlitir Bláthú,lámhleabhar luathlitríocht agus luathuimheartha, agus lámhleabhar agus teimpléid pleanála Aistear. Tá an t-ábhar ar fad á sholáthar trí Ghaeilge, cé nach bhfuil teacht ar na hábhair sin i nGaeilge go dtí go ndéanann CNNG iad a aistriú. Is iad sin cuid de na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Anois déanfaidh mé tagairt do na dúshláin atá ag an eagraíocht. Tosóidh mé le seirbhísí tacaíochta ón Stát. Tá géarghá go mbeadh rannóg sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bheadh ag déileáil go hiomlán le Gaeilge; go mbeadh gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge, gan cheist, ó na Ranna Stáit agus ó na gníomhaireachtaí atá ag déileáil leis an earnáil, mar shampla, ábhair teagaisc, foirmeacha, an córas leictreonach an programmes implementation platform, PIP, agus mar sin de; go mbeadh gach foilseachán ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla; agus go mbeadh aon chigireacht a dhéantar sa nGaeltacht á dhéanamh trí Ghaeilge, gan cheist. Tá ceithre chigireacht á dhéanamh ar sheirbhísí CNNG. Níl i nGaeilge ach cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ní mór go mbeadh cigireacht Tusla, cigireacht Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte, cigireacht oifigeach sláinte comhshaoil, agus cigireacht Phobal á dhéanamh i nGaeilge. Tá géarghá gur i nGaeilge a chuirfidh tuairiscí cigireachta ar na seirbhísí Gaeltachta ar fáil gan cheist; go mbeadh coinníoll teanga ag dul le deontais luathbhlianta na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige sna ceantair Ghaeltachta; agus go mbeadh aontú ar ábhar idir na eagrais Stáit atá ag déanamh cigireacht nó ag teacht isteach sna seirbhísí. Tá cuid mhaith obair páipéarachais ag dul leis seo.

Maidir le fostaíocht, ba chóir go mbeadh múinteoirí na luathbhlianta aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chomhchéim le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, agus go mbeadh pá le linn saoire an tsamhraidh ag múinteoirí na luathbhlianta. Tá múinteoirí luathbhlianta ag fágáil na hearnála agus ag dul ag obair sna scoileanna mar chúntóirí riachtanas speisialta mar go bhfuil pá samhraidh agus pá níos fearr ag dul leis an bpost sin agus go bhfuil leath na freagrachtaí ag baint leis.

Maidir le hoiliúint, is dúshlán é nach bhfuil cáilíocht Quality and Qualifications Ireland, QQI, i gcúram leanaí - an buncháilíocht le bheith fostaithe sna seirbhísí luathbhlianta - ar fáil trí Ghaeilge ar líne do na seirbhísí luathbhlianta. Is dúshlán nach bhfuil QQI leibhéal 5 nó leibhéal 6 i gcúram leanaí á chur ar fáil go leanúnach i chuile Gaeltacht le go mbeadh fáil ar fhostaithe le cáilíochtaí. Is dúshlán é nár lean an dá mhodúl Gaeilge ó thaobh chúram leanaí - saibhriú na Gaeilge agus sochtheangeolaíocht agus an páiste - ar aghaidh ó FETAC go QQI. Is dúshlán gan foras oideachais ar leith a bheith ann do na luathbhlianta, mar atá san Iorua. Bheadh sé inmholta go mbeadh 50% d’oiliúint agus do theagasc an fhorais sin trí Ghaeilge. D’fhágfadh sin go mbeadh soláthar leanúnach múinteoirí ar ardchaighdeán ar fáil. Is dúshlán é gan fir a bheith ag léiriú spéise ná ag obair san earnáil.

Maidir le CNNG féin, is dúshlán é go bhfuil fás ollmhór tagtha ar CNNG ó bunaíodh é. Tá réimse na ndualgais maidir leis na luathbhlianta méadaithe go mór de bharr éileamh níos mó a bheith ar na seirbhísí agus an líon mór reachtaíochta nua atá tagtha i bhfeidhm sa réimse cúram leanaí agus cosaint leanaí. Tá brú ollmhór tagtha ar sheirbhísí CNNG agus ar na dualgais atá ar CNNG de bharr seo. In ainneoin sin, tá nach mór an líon céanna foirne bainistíochta ag CNNG in 2018 agus a bhí in 2004, cé go bhfuil na seirbhísí, na dualgais agus an t-ualach oibre méadaithe thar cuimse.