Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:25 pm

Ms Mary Uí Fhaogháin:

Is mian linn ár mbuíochas a gabháil leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh a thabhairt dúinn aitheasc a thabhairt dó tráthnóna. Is ábhar dóchais agus bróid dúinn gur léirigh an coiste suim inár gceantar agus inár n-ionad. Sula bpléimid na dúshláin atá ag baint le hionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge a reáchtáil i gceantar Gaeltachta ar nós Ráth Chairn, is mian linn cúlra beag a thabhairt don choiste ar ár gceantar agus ar ár n-ionad féin ó bunaíodh é. Tabharfaidh sé seo léargas níos fearr ar na deachtrachtaí, na dúshláin agus na difríochtaí a bhaineann le luathoideachais agus curam leanaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i nGaeltacht seachas ceantair eile nach Gaeltacht iad.

Is Gaeltacht bheag í Ráth Chairn i lár Chontae na Mí timpeallaithe ag an nGalltacht. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn in 1935 nuair a d’aistrigh 27 teaghlach as Conamara go Contae na Mí. Tháinig 11 teaghlach eile ina ndiaidh sin in 1937. Tá Ráth Chairn suite in aice Abhainn Átha Buí idir Baile Átha Buí agus Baile Átha Troim, agus is ar an dá bhaile seo is mó a bhíonn pobal Ráth Chairn ag tarraingt le rochtain a fháil ar sheirbhísí, ar shiopaí agus, i gcásanna áirithe, ar scoileanna. Bíonn go leor de mhuintir Ghaeltacht Ráth Chairn ag taisteal go Baile Átha Cliath, atá idir 55 agus 65 ciliméadar uainn, go laethúil le dul ag obair ann chomh maith. Tá bunscoil, scoil náisiúnta Uí Ghramhnaigh, agus meánscoil, Coláiste Pobail Ráth Chairn, lonnaithe sa gceantar. Déantar an teagasc uilig trí mheán na Gaeilge sa mbunscoil agus múintear formhór na n-ábhar trí Ghaeilge sa meánscoil. Bíonn páistí ó cheantar Ráth Chairn ag freastal ar scoil náisiúnta Chill Bhríde chomh maith, atá díreach taobh amuigh de theorainn na Gaeltachta.

Bhí naíonra faoi choimirce Chomhar na Naíonraí Gaeltachta ag feidhmiú le blianta fada i Ráth Chairn. In 2008, tháinig coiste deonach áitiúil le chéile le breathnú ar na feidearachtaí a bhí ann le hionad cúram leanaí a oscailt. Rinne an coiste sin an-chuid pleanáil, staidéar indéantachta san áireamh, agus lorg sé maoiniú leis an ionad a bhunú. Chuir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil don choiste agus osclaíodh Ionad Cúraim Leanaí Rath Chairn in 2011. D’aistrigh an naíonra isteach san ionad agus cuireadh naíolann, seirbhísí réamhscoile agus seribhísí iarscoile ar fáil ann.

I láthair na huaire tá deichniúr fostaithe san ionad, ceathrar acu siúd go lánaimseartha. Don scoilbhlian 2017 go 2018, d’fhreastal 24 ar an naoílann, 40 ar an naíonra, 12 ar an gclub bricfeasta agus 28 ar an gcuram iarscoile. Bíonn an t-ionad ar oscailt ó 7.30 a.m. go dtí 6 p.m. gach lá ó Luan go hAoine. Bíonn campaí samhraidh agus Cásca á reachtáil san ionad do gasúir idir trí bliana agus sé bliana d’aois.

I dtús baire ní mór a rá go bhfuil an t-ádh linn leis na fostaithe atá faighte againn go dtí seo, ach tá dúshlán faoi leith ag baint leis an nGaeltacht bheag seo nach mbeadh ag na ceantair mhóra Gaeltachta. Mar is eol don choiste, tá sé deacair ag fostaitheoirí timpeall na tíre fostaithe le caighdeán ard Gaeilge a fháil. Tá sé níos deacra arís againne daoine le hardchaighdeán Gaeilge a bhfuil na cáilíochtaí FETAC leibhéal 5 suas a earcú. Is sna hionaid cúraim a thosnaíonn bóthar oideachais na ngasúr, agus mar gheall ar sin ba cheart go mbeadh caighdeán an-ard Ghaeilge ag na fostaithe. Tá sé deacair daoine as an gceantar agus daoine nach as an gceantar a mhealladh le teacht ag obair san ionad. Níl ach 18 uair in aghaidh an lae le fáil sna seomraí ECCE. Ní poist lánaimseartha iad agus mheallann ionaid eile a bhfuil uaireanta breise acu agus atá lonnaithe in áiteanna nach bhfuil chomh iargúlta le Ráth Chairn na hiarrthóirí ionchasach a bheadh againn. Níl pá le fáil i rith an tsamhraidh agus níl scéim pinsin ann dóibh. Mar sin níl an spreagadh ceart ann le hiad a mhealladh isteach nó iad a choinneáil.

Tá daonra an-bheag sa cheantar - thart ar 600 duine. Téann formhór de dhaltaí Ráth Chairn ar aghaidh go triú leibhéal ag ollscoileanna i mBaile Átha Cliath, Má Nuad agus cathair na Gaillimhe agus níl suim acu siúd sna postanna atá ar fáil san ionad ach an oiread. Is ag bunmhúinteoireacht agus múinteoireacht meánscoile a théann daoine óige Ráth Chairn a bhfuil suim acu i ngairm bheatha a bhaint amach sa réimse oideachais.

Cuireann Comhar na Naíonra Gaeltachta cúrsaí traenála ar fáil do na fostaithe maidir le céad chabhair, láimhsiú sábháilte agus araile. Tá muid an-bhuíoch dó as sin. Níl cúrsa oiliúna curtha ar fáil dó áfach a chabhródh le fostaithe leibhéal níos airde FETAC a bhaint amach chun chur le caighdeán an ionaid. Ní bheadh sé d’acmhainn ag coiste an ionaid iad a chur ar fáil ach an oiread. Má tá suim ag fostaithe dul chun cinn a dhéanamh agus a gcuid scileanna a fhorbairt, níl maoiniú ar fáil dóibh agus caithfidh siad íoc as iad féin, rud atá deacair do dhaoine ar phá íseal agus uaireanta páirtaimseartha. Ba bhreá leis an gcoiste a bheith in ann caighdeán a ardú go leanúnach agus, dá bharr sin, tuilleadh tuismitheoirí a mhealladh lena bpáistí a chur chuig an ionad.

Toisc gur póca beag Gaeltachta í Ráth Chairn, tá tionchar an Bhéarla ann. Tá teaghlaigh sa cheantar go bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus teanga eile ag an duine eile. Chomh maith leis sin, tá daoine ón gceantar ag tógáil clainne in Átha Buí agus Baile Átha Troim a chuireann a ngasúir chuig an ionad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil caighdeán éagsúil Gaeilge ag na leanaí agus is dushlán é seo d'fhostaithe an ionaid caighdeán ard Gaeilge a chruthú agus a choinneáil.

Tá muid buíoch do Chomhar na Naíonraí Gaeltachta as an tacaíocht a thugann sé dúinn i dtaobh aistriúchain agus araile. Tá obair bhreise, áfach, ag an ionad seachas ionad cúraim leanaí Béarla mar gur trí Bhéarla a fheidhmíonn na seirbhísí poiblí i gContae na Mí, ar nós seirbhísi sláinte, Pobal agus Tusla, agus trí Ghaeilge a fheidhmíonn an t-ionad.

Cruthaíonn sé seo breis oibre cáipéisí agus comhfhreagras a aistriú go Gaeilge. Nuair a thugann siad cuairt ar an ionad, is trí Bhéarla a bhíonn na comhráite agus mar sin bíonn Béarla le cloisteáil ag na gasúir, rud atá in aghaidh ár eitic. Mar a dúirt muid cheana, tá daonra an-bheag i Ráth Chairn. Toisc gur pobal an-láidir í, tá an-chuid eagraíochtaí deonacha ar nós eagraíochtaí pobail, spóirt, cultúir, caitheamh aimsire agus araile ag feidhmiú sa cheantar. Tá na heagraíochtaí seo ar fad ag brath ar an tobar beag céanna sin le hairgead a aimsiú. Is dúshlán bunúsach é don choiste airgead a chur le chéile chun an t-ionad a chothabháil, trealamh a cheanach agus ábhar nuálach a chuirfeadh le samhlaíocht agus le hoideachas na bpáistí a athnuachan go rialta. Gabhaim buíochas don choiste arís as ucht éisteacht linn trathnóna agus beimid an-sásta ceisteanna a fhreagairt agus na dúshláin a phlé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.