Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:35 pm

Mr. Daithí Mac Cárthaigh:

Is ait an méid spéis a chuireann daoine ann, mar shampla muintir Thamhnach an tSalainn i gContae Dún na nGall, Mountcharles. Is iontach go mbeadh daoine fiú i gceantar Galltachta ag cur suim sa leagan Gaeilge agus ag rá nach bhfuil siad sásta leis sin. Comh maith leis sin, tagraím do muintir Chaiseal. Deireann siad gur Caiseal Mumhan a theastaíonn uathu agus teastaíonn Cathair Dún Iasc ó mhuintir na Cathrach. Is maith an rud é nuair a bhíonn daoine ag cur sa chúiteamh mar gheall air seo mar bíonn an Gaeilge i gceist ansin sa ghnáth dioschúrsa phoiblí. Tagraím do cúrsaí logainmneacha sa Ghaeltacht mar gheall ar na horduithe logainmneacha, is í an leagan Gaeilge amháin atá baileach ansin ó thaobh comharthaí bóithre de. Ní bheadh sé i gceist go mbeadh Ballyvourney nó Ballingeary nó a leithéid sin ar chomharthaí bóthar phoiblí. Bheadh cead ag daoine é a dhéanamh go príobháideach ar ndóigh más mian leo.