Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá an méid atá curtha i láthair thar a bheith spéisiúil agus breathnóimid air. B'fhéidir go bhfuil ábhar Bille breise ann ach sin scéal eile. D'iarradh rud amháin faoi aistriú na mBillí. Nuair a bhí an tAcht á dhréachtú agus á réiteach agus sa triail, shíl muid go mbeadh sé thar cionn, go n-éiródh linn. D'éirigh le na hAchtanna agus iad sin a thabhairt suas chun dáta. Táimid thar 15 bliain ina dhiaidh sin agus níl siad déanta agus bheadh sé mícheart go hiomlán ceapadh gur chis airgid a bhí i gceist. Ní raibh riamh. Níor tháinig aon iarratas riamh ón Oireachtas le haghaidh foireann nó airgead agus bhí mise mar Aire go dtí 2011 le na Theachtaí a thiontaigh. Sin an fáth, má tá duine ag cuimhneamh ar an am, gur bhunaigh an Rialtas ag an am aonad aistriúcháin thiar sna Forbacha. Comh maith leis sin, shíl muid go laghdódh muid an t-ualach ar fhoireann an Tí seo faoi cúram an chaighdeáin a chur faoin Rialtas, seachas faoi Thithe an Oireachtais. Ghearr an Rialtas a tháinig isteach i 2011 é sin ar ais. Níor thug siad é isteach. Le fírinne, baineadh leis ach ní ceist airgid a bhí ann. Theastaigh uathu é a dhéanamh because bhí muidne ag sárú an dlí. Bhí an tOireachtas ag sárú an dlí, ní muidne mar Rialtas. Níl aon ceannas ag an Rialtas ar an Oireachtas: tá ceannas ag an Oireachtas ar an Rialtas, mar is eol dúinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.