Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:25 pm

Mr. Daithí Mac Cárthaigh:

Mar gheall ar ainmneacha, tá sé suimiúil, abair, do mhuintir na Gaeltachta, an duine is mó a bheadh ag labhairt Gaeilge sa bhaile, b'fhéidir gurb é sin an duine is mó a bheadh an leagan Béarla den ainm in úsáid aige nó aici. Is rud nádúrtha é sin, ní dhéanaim féin é ach is nós thar a bheith coitianta é. Cosúil leis an mbailitheoir béaloidis ó Dhún Caoin, tá dhá ainm orm, a deir sé, Seosamh Ó Dálaigh i mBéarla agus Joe Daly as Gaeilge. Ba cheart é sin a aithint agus deis a thabhairt do dhaoine an dá leagan a úsáid má tá siad ag iarraidh dul leis an leagan Béarla nó dul leis an leagan Gaeilge, agus ní dóigh liom go mbeidh aon díchéillí leis sin.

Maidir leis binsí, is binsí iad a thabharfadh ordú uathu, mar go bhfuil siad ar aon dul le cúirt. Ní bheadh an Ombudsman i gceist. Bheadh an PRTB i gceist, mar shampla agus an WRC. Bheadh na binsí a bhaineann le cúrsaí gairme i gceist chomh maith dá mbeadh smacht gairmiúil i gceist, mar shampla, Comhairle an Bharra. Tá an comhairle sin thart anois, ach maidir lena leithéid, bhfaighfeá binse triúr le Gaeilge agus cead dul ar aghaidh trí Ghaeilge agus gan a bheith thíos leis. Tá mé ag caint maidir le rudaí den saghas sin. D’fhéadfadh ordú a dhéanamh le haghaidh forfheidhmithe do chuid cearta, seachas gearán a dhéanamh ar an tslí sin. An bhfuil sé sin mínithe agam?