Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

7:25 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Gabhaim buíochas don Uasal Mac Cárthaigh as a aighneas. Bhí sé an-chuimsitheach, bhí deis agam roinnt de a léamh, agus fiú amháin ó thaobh cur i láthair bhí an-chuid eolais ann agus go háirithe bhain mé an-tairbheach as nuair nach raibh sé á léamh go díreach. Bhí míniú ann agus bhí mé ábalta roinnt pointí a shoiléiriú ansin chomh maith. Tá cúpla ceist leagtha as an áireamh cheana féin agat.

Tá moladh agat faoi ainm a úsáid as Gaeilge. Aontaím go huile is go hiomlán leat. Is aitheantas atá ann in ainm an duine, ina áit dhúchais agus tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an córas ábalta plé leis agus nach mbeidís ag cur iallach ar dhuine é sin a athrú agus go mbeidís ábalta plé le duine lena ainm nó lena hainm mar atá sé. Aontaím go hiomlán leis sin.

Bhí moladh aige mar gheall ar an nGaeilge á úsáid os comhair na gcúirteanna agus na mbinsí éagsúla eile agus luaigh sé an Workplace Relations Commission chomh maith. Cé chomh forleathan is a bhfeicfeá na binsí éagsúla a bheadh san áireamh leis sin? Tá mé ag smaoineamh, mar shampla, ar an Ombudsman - is féidir le duine iarratas tithíochta leis an gcomhairle contae, agus gan a bheith sásta leis sin, a bhogadh go dtí an Ombudsman - nó binse cúirte. Cé chomh forleathan nó an bhféadfá ainm cúpla eagraíocht eile a thabhairt a bheadh san áireamh?

Maidir le comharthaí bóithre, aontaím go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge ar chomhchéim agus an scéim a chinntiú mar gheall ar ainmneacha áiteanna sa Ghaeltacht. Faoi láthair, is an t-ainm Gaeilge atá ann. An chóir go mbeadh an t-ainm Béarla á úsáid? Ní dóigh liom gur chóir. Arís, ó thaobh aitheantais agus áite, ba chóir gur an leagan Gaeilge a bheadh ann. Ón tslí a bhfuil sé leagtha síos bheadh na comharthaí sin dátheangach. An féidir leis an bhfinné é sin a chinntiú, nach bhfuilimid ag moladh dul ar ais ansin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.