Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:45 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Go raibh maith agat a Theachta. Níl aon duine eile ar mhian leis nó léi labhairt. Bhí mé lán de dhóchas nuair a thosaigh an próiseas seo. Níl mé lán de dhóchas inniu. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach agat go pearsanta, dá bharr ní rud pearsanta é seo. Táim ag éisteacht agus táim ag breathnú. Ní dóigh liom go bhfuil fianaise ar bith go bhfuil tuiscint ag an Roinn go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé de phribhléid agam a bheith i mo shuí anseo. Tháinig an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair faoi thrí is dócha, faoi dhó ar aon nós. Tá tráchtaireacht faoi chóras na scéimeanna teanga agus an teachtaireacht láidir, tá sé teipthe go huile is go hiomlán. Tá aighneachtaí foilsithe againne ó thrí dhream déag, Conradh na Gaeilge san áireamh. Tá an tUasal Mac Cárthaigh linn agus beidh sé ag teacht os ár gcomhair i gceann tamaillín. An téama céanna atá le cloisteáil go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de, tá gá le beart práinneach a dhéanamh agus spriocdháta agus sprioc-amanna. Faraor géar, ní fheicim aon ní ann, agus níl mé ag iarraidh a bheith diúltach. Níl mé lán de dhóchas inniu. Ní fheicim go bhfuil práinn i gceist ar chor ar bith anseo. Le dhá bhliain anuas táimid inár suí anseo agus an teachtaireacht chéanna, tá gá ann agus is é croílár na faidhbe ná easpa foirne agus scéim nua ó thaobh na scéimeanna teanga a thabhairt isteach. Is é an scéim nua scéim ó thaobh caighdeán de. Is é croílár na faidhbe ná foireann le Gaeilge agus le hinniúlacht sa Ghaeilge.

Cén dáta a cheapann an Dr. Mac Cormaic go mbeimid in ann seirbhísí a thabhairt do dhaoine i nGaeilge mar atá tuillte acu faoin dlí, ón a thaobh pearsanta agus ó thaobh na Roinne?