Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Mar a dúirt mé beidh uirlis ann leis na rialacháin agus leis an gcóras maolaithe seo a bheas ann do na rialacháin so má leagann an tAire síos caighdeán na rialachán agus má thagann comhlacht poiblí chugainn ag rá nach bhfuil siad in ann an seirbhís sin a chur ar fáil sa Ghaeltacht faoi láthair, beidh an tAire in ann a rá go bhfaighidh siad maolú ón gcaighdeán sin go fóill ach faoi am áirithe, bíodh sé dhá bhliain, trí bliana nó sé mhí, caithfidh siad an caighdeán sin a chomhlíonadh. Beidh an oscailt ag an Aire ansin sna rialacháin le haghaidh spriocdhátaí a leagadh síos.