Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fhadhb atá agamsa ná go bhfuil an Ghaeilge tinn le comhairle i ndáiríre. An rud atá de dhíth ar an nGaeilge ná cinntí daingne. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil siad ag iarraidh rudaí a dhéanamh agus ag cur an tacaíocht i bhfeidhm mar gheall ar na haidhmeanna sin a bhaint amach. Tá na spriocdhátaí anseo agus tar éis tamaill, muna bhfuil siad comhlíonta, beidh píonós ann. Beidh baic mhór ann ag an deireadh, muna bhfuil an jab déanta. Caithfidh go mbeadh sé réalaíoch. Caithfidh go mbeadh an Stát in ann é a chomhlíonadh, ach i ndáiríre, dá mbeadh an Rialtas ag cur an tacaíocht chuí isteach beidh siad in ann é a dhéanamh. Ceapaim nach mbeidh sé sin inghlactha mar gheall ar an gcoiste seo nó b'fhéidir mar gheall ar an Dáil freisin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.