Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Arís beimid ag dul tríd na cláracha oibre. Samhlaím go mbeadh an coiste comhairleach ag cur comhairle ar aon dream atá ag déanamh earcaíochta i rith na bliana agus go mbeimid ag cur comhairle orthu tríd an coiste comhairleach seo maidir leis na riachtanais atá ann don Ghaeltacht. Tá sé an-deacair spriocam a chur ann. Tá sé ar nós duine a bheith ag tiomáint ar an mótarbhealach go Baile Átha Cliath inniu. Dá mbeadh an duine ag dul ar luas ró-ard bheadh na gardaí in ann a rá gur stop siad é mar gheall ar a iompar pearsanta, go raibh sé ag dul ró-sciobtha. Níl aon smacht againne ar líon na ndaoine a chuireann isteach ar na comórtais seo. Níl aon smacht againne ar iompar pearsanta an duine so ní féidir linne aon ghealltanas a thabhairt go mbeimid in ann é seo a chomhlíonadh roimh spriocdháta áirithe, ach is bealach é atá ann go mbeimid istigh i lár an phróiséis, rud nach raibh ann go dtí seo. Go mbeidh an Roinn a bhfuil freagracht na Gaeilge agus na Gaeltachta uirthi, go mbeimid istigh i lár an phróiséis agus earcaíocht ag tarlú.