Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:15 pm

Dr. Aodhán Mac Cormaic:

Luaigh an Teachta spriocdhátaí agus spriocam a leagan síos. An sprioc a bheas ann, is aidhm ginearálta a bheas ann sa Bhille mar tá ráitis taobh istigh de cheannteideal 10 maidir leis an 20%. Beidh sé sin i bhfeidhm ón chéad lá agus beidh ar aon comhlacht poiblí a bheas ag earcú breathnú air agus aird a thabhairt ar an sprioc de 20%. Níl aon spriocdháta leagtha síos dó sin mar beidh sé i bhfeidhm a luaithe agus atá an reachtaíocht achtaithe: beidh sé sin i bhfeidhm. Is cinéal overarching aim atá ansin le haghaidh na postanna sin a líonadh. Maidir le spriocanna eile a bheas leagtha amach, mar shampla sna rialacháin, tógfaidh mé earnáil na tríú leibhéil mar shampla maidir leis an chaighdeán. Beidh cuid den earnáil sin ag rá go bhfuil na caighdeáin ann, b'fhéidir go bhfuil ceann anseo agus ansiúd nach féidir leo a bhaint amach nó nach bhfuil siad in ann a chomhlíonadh faoi láthair. Sula ndéanann an tAire na rialacháin, beidh orainn dáta a leagadh síos faoin a mbeidh ar an institúid áirithe sin an sprioc sin a bhaint amach. Samhlaímid go mbeimid ag leagadh síos spriocdhátaí ansin d'aon dream nó comhlacht phoiblí atá ag cuairtiú díolúine nó maolaithe ó cheann de na caighdeáin, go mbeidh spriocdáta tugtha dóibh agus go mbeidh orthu díriú ansin ar daoine a earcú le haghaidh na seirbhísí sin a chur ar fáil roimh an spriocam áirithe sin. Níl a fhios agam an freagraíonn sé sin ceist an Teachta.