Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 17 April 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

6:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe as teacht isteach anseo inniu. Táimid ag caint faoi Bhille an-tábhachtach anseo. Tá géarchéim ann ag an bomaite mar gheall ar an nGaeilge thart timpeall na tíre. Tá drochthaithí ag go leor daoine mar gheall ar sheirbhísí a fháil ón Stát trí Ghaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. Bliain i ndiadh bliana, nuair a thugann an Rialtas an deis do na heagraíochtaí Stáit rudaí a chur i bhfeidhm iad féin, teipeann orthu. Tá an taithí sin ag gach uile dhuine a bhíonn ag iarraidh dul i dteagmháil leis an Státsheirbhís ina theanga féin. Má phiocann duine an guthán suas inniu chun caint le haon ceann de na heagraíochtaí, beidh an t-ádh dearg air nó uirthí má tá sé nó sí in ann seirbhís a fháil sa Ghaeilge. Tá géarchéim ann agus tá an Bille seo de dhíth.

Táimse den tuairim go mba cheart go mbeadh spriocdhátaí ann. Muna bhfuil spriocdhátaí ann, ní tharlóidh aon rud in am ar chor ar bith. Sleamhnaíonn rudaí siar i gcónaí nuair nach mbíonn spriocdhátaí ann. Sin an chéad fhaitíós atá ormsa mar gheall ar an eolas ar thug Dr. Mac Cormaic dúinne inniu. Sa díospóireacht a bhí againn le Conradh na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile, dúradh linne go mba cheart go mbeadh sé seo curtha i bhfeidhm ó 2020 agus go mbeadh muid ag tosnú ar an mbóthar seo.

Is é an dara rud ná go bhfuil cuma ar an scéal go bhfuil gach rud srianta agus go bhfuil an Roinn ag caint faoi earcaíocht sheachtrach amháin. Cé mhéad duine a thagann isteach sa chóras sin ó taobh amuigh gach bliain ar an meán? Cén saghas comhréir atá ann idir na daoine sin agus na daoine a earcaítear go hinmheánach? Tá mé ag iarraidh fáil amach cé mhéad duine atá i gceist anseo chun go mbeidh mo chuid eolais níos cruinne. An bhfuil muid ag caint faoin Státseirbhís amháin nó faoin seirbhís phoiblí ar fad?

An triú rud, bhí an finné ag caint faoin gcaighdeán. Ní bheidh an caighdeán céanna ag na seirbhísí sa dá theanga, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa mheántéarma freisin: ní bheidh siad le fáil. An bhfuil sé sin i gceist san Ghaeltacht agus san Ghalltacht? An féidir méad bliana a chur ar "an meántéarma" don choiste chun go mbeimid ar an eolas? Cathain go díreach atá sé i gceist cearta teanga a thabhairt do dhaoine thart timpeall na tíre? Tá an Roinn ag caint faoin Bhille a fhoilsiú roimh an samhradh so ciallaíonn sé sin nach mbeidh sé ag tosnú tríd na Dála go dtí b'fhéidir Mí Dheireadh Fómhair nó Mí na Samhna. B'fhéidir go bhfreagrófaí na ceisteanna sin ar dtús.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.