Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:15 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Is í an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhaingníonn na scéimeanna leis na comhlachtaí poiblí. Is é an ról atá agamsa ná faireachán a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla féin. Bheinn ag samhlú gur próiseas éabhlóide a bheas ann ó chóras na scéimeanna go córas nua caighdeán. Shamhlóinn nach féidir fáil réidh le córas na scéimeanna agus a rá go bhfuil na caighdeáin i bhfeidhm go dtí go bhfuil na caighdeáin mínithe i gceart agus go bhfuil tuiscint ann faoi céard iad na caighdeáin féin. Tuigim an imní atá ann go bhféadfadh sé go mbeadh geallúint sa scéim teanga nach mbeadh clúdaithe ag an gcaighdeán. Cinnte sa gcás sin chaithfí a chinntiú go leanfaidh pé dualgais atá sa scéimeanna ar aghaidh. Tagann sé ar ais go dtí an méid a bhí mé ag rá faoi phleanáil do sheirbhísí poiblí. Ba cheart go mbeadh sé sin mar bhunchloch don reachtaíocht nua chun cinntiú nach i bhfolús a dtagann na caighdeáin i bhfeidhm.